Íoctar an Íocaíocht Glasaithe le feirmeoirí as cuidiú leis an gcomhshaol a chosaint agus as dul i ngleic leis an athrú aeráide. Íoctar é in éineacht leis an Scéim Íocaíochta Bunúsaí .
Cáileoidh níos mó ná 90% d’fheirmeoirí go huathoibríoch don Íocaíocht Glasaithe ar bhonn a gcleachtas feirmeoireachta reatha. Beidh ar an gcuid eile bearta sonracha a dhéanamh chun cáiliú.
Baineann glasú le cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol sna réimsí seo:
Mura bhfuil díolúine agat, chun cáiliú don íocaíocht ní mór duit:
Le haghaidh díolúintí ó na rialacha seo agus chun tuilleadh a fháil amach faoi na céimeanna is gá, léigh an Treoir um Glasú . Caithfidh tú gach ceann de na a chomhlíonadh coinníollacha na scéime agus Tras-chomhlíonadh chun cáiliú.
Ríomhtar an Íocaíocht Glasaithe mar chéatadán seasta d’íocaíocht na Scéime Íocaíochta Bunúsaí. Bhí an ráta Glasaithe do 2019 thart ar 44%.
Déanann tú iarratas ar an Íocaíocht Glasaithe mar chuid d’iarratas na Scéime Íocaíochta Bunúsaí. Chun iarratas a dhéanamh ar líne, logáil isteach nó clárú ag www.agfood.ie . Caithfidh tú iarratas a dhéanamh faoi mheán oíche an 17 Bealtaine 2020.
Má tá do logáil isteach nó do phasfhocal caite agus gur gá é a athnuachan déan teagmháil le deasc chabhrach na Roinne.
Nó is féidir leat comhairleoir talmhaíochta nó comhairleoir Teagasc a údarú iarratas a dhéanamh thar do cheann.