Íoc Táille i leith Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh muirear bliantúil €200 ar áiteanna cónaithe príobháideacha neamhphríomha isteach leis an Acht Rialtais Áitiúil (Muirir) 2009, iníoctha ag na húinéirí leis an údarás áitiúil, a bhfuil an réadmhaoin atá i gceist lonnaithe ina limistéar.
Bhí an muirear iníoctha ar aonaid réadmhaoine a bhí faoi dhliteanas do gach bliain idir 2009-2013.
Tá dliteanais agus íocaíochtaí (NPPR) iníoctha fós leis an údarás áitiúil a bhfuil an réadmhaoin atá i gceist lonnaithe ina limistéar.
Déanfar gach muirear NPPR a bhí ina mhuirear ar réadmhaoin ina dhiaidh sin a chur i bhfeidhm dá thréimhse 12 bhliain féin, intomhaiste ón dáta dliteanais. Ón 1 Lúnasa 2021, laghdóidh suim na dtáillí agus na bpionós NPPR a bheidh ar dhíoltóir a íoc, d’fhonn réadmhaoin a dhíol a bhí ina NPPR, gach bliain go dtí go dtéann an dliteanas agus an muirear ar an réadmhaoin in éag go hiomlán ar an 1 Aibreán 2025.
Bliain Dliteanais NPPR | Dáta Éaga | |
2009 | I ndiaidh 31 Iúil 2021 | |
2010 | I ndiaidh 31 Márta 2022 | |
2011 | I ndiaidh 31 Márta 2023 | |
2012 | I ndiaidh 31 Márta 2024 | |
2013 | I ndiaidh 31 Márta 2025 |