Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I mí na Bealtaine 2024 d’aontaigh an rialtas coibhéis cóireála a chur ar fáil idir Tairbhithe de Chosaint Shealadach (BOTPanna) a tháinig go hÉirinn roimh agus tar éis an 14 Márta agus a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht lánlóistín a sholáthraíonn an Stáit ina gcuirtear béilí agus fóntais ar fáil.
Tháinig an rialtas ar chomhaontú maidir le plean chun an cinneadh seo a chur chun feidhme. Ciallaíonn sé seo:
- Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach (seachas Íocaíochtaí ar Riachtanais Bhreise)
Más Tairbhí de Chosaint Shealadach thú faoin Treoir um Chosaint Shealadach agus má tá tú i do chónaí i Lárionad Cóiríochta arna ainmniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, tá tú i dteideal an Íocaíocht Sheachtainiúil do Thairbhí de Chosaint Shealadach a fháil, faoi réir tástála ioncaim. Tá liosta iomlán de na lárionaid ainmnithe le fáil anseo.
Tá an íocaíocht sheachtainiúil iníoctha le gach Tairbhí de Chosaint Shealadach a bhfuil cónaí orthu i Lárionad Cóiríochta atá ainmnithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige . Tá an íocaíocht faoi réir tástála ioncaim.
Beidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ag teastáil uait chun rochtain a fháil ar thacaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Is é ráta an liúntais ná €38.80 in aghaidh na seachtaine do dhuine fásta agus €29.80 in aghaidh na seachtaine do leanbh.
Leanfar le Tairbhithe de Chosaint Shealadach nuathagtha a threorú tríd an bpróiseas iarratais ar íocaíocht do Thairbhí de Chosaint Shealadach ag Ionad Comhdhála Iarthar na Cathrach.
Gheobhaidh BOTPanna a bhfuil cónaí orthu i Lárionaid Cóiríochta Nua-Ainmnithe a gcéad íocaíocht laghdaithe Déardaoin an 12 Meán Fómhair. Déanfar athbhreithniú ar theidlíocht don íocaíocht sheachtainiúil BOTP sna seachtainí amach romhainn agus déanfaidh an Roinn cumarsáid le custaiméirí ina n-aonar.
Leis an Treoir um Chosaint Shealadach, ceadaítear duit oibriú fad is atá tú in Éirinn.
Is féidir leat deiseanna fostaíochta a fhiosrú ag JobsIreland.ie.