Le hÍocaíocht ar Riachtanais Bhreise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is íocaíocht í Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise atá ar fáil duit má tá costais riachtanacha agat nach féidir leat a íoc as d'ioncam seachtainiúil nó as acmhainní pearsanta agus tí eile.
Féadfaidh tú an íocaíocht seo a fháil fiú mura bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat. Féadfaidh sí a bheith ar fáil duit freisin má tá tú ag obair agus má tá ioncam íseal agat beag beann ar an méid uaireanta an chloig a oibríonn tú.
Is féidir linn Íocaíochtaí ar Riachtanais Bhreise a sholáthar do na rudaí seo a leanas:
Ní íocann an Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise as costais neamh-bhunriachtanacha teaghlaigh ná as costais phearsanta, ná as costais a bhfuil roinn nó gníomhaireacht eile rialtais freagrach astu.
Íoctar Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise faoi Liúntas Leasa Forlíontach atá á riar ag Seirbhís Leasa Pobail (SLP) na Roinne.
Is féidir le duine ar bith a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil aige/aici nó atá ag obair agus a bhfuil ioncam íseal aige/aici cáiliú d'Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise. Tá orainn d'ioncam teaghlaigh seachtainiúil, do choigilteas agus d'infheistíochtaí, do chostais tí agus an saghas cúnaimh a theastaíonn uait a chur san áireamh.
Le hÍocaíocht ar Riachtanais Bhreise a fháil, déanfaidh Oifigeach Leasa Pobail d'iarratas a athbhreithniú agus feicfidh sé/sí ar do chúinsí sula ndéanfaidh sé/sí cinneadh faoin íocaíocht is féidir leat a fháil.
Níl aon 'ráta íocaíochta' seasta ann don Íocaíocht ar Riachtanais Bhreise. Braithfidh méid na híocaíochta a gheobhaidh tú ar d’ioncam teaghlaigh seachtainiúil agus ar an saghas cúnaimh a theastaíonn uait.
Daoine i do theaghlach | Méid |
Singil | €444 |
Lánúin, gan leanaí | €544 |
1 leanbh | €645 |
2 leanbh | €746 |
3 leanbh | €847 |
4 leanbh | €938 |
5 leanbh | €1,064 |
6 leanbh | €1,180 |
7 leanbh | €1,316 |
8 leanbh nó níos mó | €1,412 |
* Ní chuireann na treoirlínte ioncaim seo teorainn ar rogha na n-oifigeach nuair a bhíonn Íocaíochtaí ar Riachtanais Bhreise á n-eisiúint chun cabhrú le daoine aonair nó teaghlaigh i gcúinsí cruatan ar leith.
Is é an bealach is tapúla agus is éasca le hiarratas a dhéanamh ar líne ná ag MyWelfare.ie
Is féidir leat an fhoirm thíos a chomhlánú agus a sheoladh chuig do Sheirbhís Leasa Pobail áitiúil.
Is féidir foirm a iarraidh ó CWSForms@welfare.ie
Is féidir leat an fhoirm a fháil i d'oifig áitiúil agus í a chomhlánú ansin. Níl aon ghá le coinne a chur in áirithe.
Is féidir an t-iarratas a chur isteach tríd an bpost.
Foirm Iarratais le haghaidh Liúntais Leasa Forlíontaigh (SWA1)
Eagrán: Feabhra 2023
Chun cabhrú le d'éileamh a phróiseáil, ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas agat: