Nasc Áitiúil - Seirbhísí Bus Poiblí i gceantair áitiúla faoin tuath
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann Nasc Áitiúil seirbhísí bus ar fáil gceantair tuaithe ar fud na hÉireann.
Déanann 15 oifig áitiúil na seirbhísí seo a fheidhmiú agus a bhainistiú ar fud na tíre. Tá gach oifig ar leith freagrach as bainistiú a dhéanamh ar na hiarratais ó lá go lá agus ar na seirbhísí bus ina gceantar féin. Bíonn na hoifigí seo ar oscailt óna 9am – 5pm, Luan go hAoine agus feidhmíonn siad ó cheann ceann na bliana ach amháin ar laethanta saoire poiblí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí Nasc Áitiúil i do cheantar féin, téigh go www.locallink.ie
Is éard atá i bhformhór na seirbhísí bus Nasc Áitiúil ná bealaí ó dhoras go doras; is é sin go mbailítear daoine ag a ndoras féin agus go scaoiltear ann arís iad. Is seirbhís ‘ar éileamh’ í an tseirbhís seo agus freagraíonn sí d’iarratais ar sheirbhísí ó phaisinéirí a bhfuil sé ar intinn acu taisteal ar an mbus. Is gá an tseirbhís Nasc Áitiúil a chur in áirithint roimh ré.
Is seirbhísí bus a fheidhmíonn de réir tráthchláir ar bhonn laethúil nó seachtainiúil iad na seirbhísí ar na Bealaí Sceidealaithe. Níl seirbhís bailiúcháin ó dhoras go doras ar fáil ar na seirbhísí seo.