Pinsean Seirbhíse Poiblí a Aistriú - Múinteoirí agus foireann neamh-mhúinteoireachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir go mbeidh sé indéanta ag múinteoirí nó ag foireann neamh-mhúinteoireachta a dteidlíochtaí pinsin earnála poiblí roimhe seo a aistriú go dtí a gcuid scéime reatha.
Má tá tú ag iarraidh é a shuíomh cibé acu atá nó nach bhfuil do phinsean ó do sheanfhostaíocht nó ó d'fhostaíocht reatha faoi réir a bheith aistrithe - is cóir duit féachaint ar an Líonra Aistrithe don Earnáil Phoiblí (LAEP/PSTN).
Roimh an mbliain 2011 d'íoc Bord Bainistíochta na scoile catagóirí áirithe den tseirbhís pháirtaimseartha mhúinteoireachta agus níorbh ó phárolla na Roinne a rinneadh é seo. Athraíodh é seo nuair a tugadh isteach an reachtaíocht i gcomhair na n-oibrithe páirtaimseartha.
Anois is féidir an tseirbhís pháirtaimseartha mhúinteoireachta a aistriú. Féadfaidh múinteoirí nó iarmhúinteoirí, a sholáthair 9 n-uaire an chloig ar a laghad in aghaidh na seachtaine i scoil roimh an 1 Meán Fómhair 2001, iarratas a dhéanamh ar a chur faoi deara go ndéanfar an tseirbhís sin a aistriú.
I dtaca le seirbhís pháirtaimseartha mhúinteoireachta a soláthraíodh ón 1 Meán Fómhair 2001, is féidir an tseirbhís pháirtaimseartha ar fad a aistriú. Ní hann d'aon cheanglas íosta uaireanta an chloig.
Ionas go bhféadfaidh múinteoirí nó iarmhúinteoirí a chur faoi deara go ndéanfar a gcuid seirbhíse páirtaimseartha múinteoireachta a bhreithniú i gcomhair an aistrithe, caithfidh an scoil inar sholáthair tú an tseirbhís pháirtaimseartha mhúinteoireachta foirm um Fhíorú na Seirbhíse Múinteoireachta a líonadh.
Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go mbeidh múinteoirí nó iarmhúinteoirí i riocht é a fhíorú don Roinn cibé acu a soláthraíodh nó nár soláthraíodh an tseirbhís pháirtaimseartha a bhí i gceist i gcáil cháilithe nó neamhcháilithe. Is é an modh is inghlactha chun cinneadh a dhéanamh ar sheirbhís cháilithe nó neamhcháilithe ná go gceadóidh na múinteoirí don Chomhairle Mhúinteoireachta a gcáilíocht a thaispeáint don Roinn.
Meabhraítear do mhúinteoirí nó d'iarmhúinteoirí nach gá an Fhíorú na Seirbhíse Múinteoireachta a líonadh ach i dtaobh na seirbhíse páirtaimseartha múinteoireachta nach ndearna an Roinn seo íocaíocht dhíreach leat ina leith.
Roimh an mbliain 2011 d'íoc Bord Bainistíochta na scoile catagóirí áirithe den fhoireann neamh-mhúinteoireachta agus ní ó phárolla na Roinne a rinneadh é seo.
Athraíodh é seo nuair a tugadh isteach an reachtaíocht i gcomhair na n-oibrithe páirtaimseartha.
Anois is féidir an tseirbhís pháirtaimseartha a aistriú faoi réir coinníollacha áirithe.
Féadfaidh an fhoireann neamh-mhúinteoireachta, a sholáthair 10 n-uaire an chloig ar a laghad in aghaidh na seachtaine i scoil roimh an 1 Meán Fómhair 2001, iarratas a dhéanamh ar a chur faoi deara go ndéanfar an tseirbhís sin a aistriú.
I dtaca le seirbhís pháirtaimseartha a soláthraíodh ón 1 Meán Fómhair 2001, ní hann d'aon cheanglas íosta uaireanta an chloig.
Ionas go bhféadfaidh múinteoirí nó iarmhúinteoirí a chur faoi deara go ndéanfar a gcuid seirbhíse páirtaimseartha múinteoireachta a bhreithniú i gcomhair an aistrithe, caithfidh an scoil inar sholáthair tú an tseirbhís foirm um Fhíorú na Seirbhíse (S1a) a líonadh.
Lena chois sin, tá sé tábhachtach go mbeidh an fhoireann neamh-mhúinteoireachta i riocht é seo a fhíorú don Roinn.
Meabhraítear don fhoireann neamh-mhúinteoireachta nach gá an Fhoirm Um Fhíorú na Seirbhíse a líonadh ach i dtaobh na seirbhíse nach ndearna an Roinn seo íocaíocht dhíreach leat ina leith.
Tá na taifid fostaíochta agus na taifid ar sheirbhís inphinsin i gcomhair na Rann agus Oifigí Rialtais go léir á sealbhú go lárnach anois ag PeoplePoint Ltd, Seirbhísí Comhroinnte Acmhainní Daonna agus Pinsean, Páirc Oifigí Belfield, Páirc Chnoc na Feá, Cluain Sceach, Baile Átha Cliath 4.
Is cóir foirm iarrata an aistrithe "Foirm um Dheimhniú Seirbhíse san Earnáil Phoiblí" anseo thíos a líonadh agus a chur ar aghaidh go dtí PeoplePoint
Transfer of Previous Public Sector employment to the Department of Education
Confirmation of Public-Sector Service form - Form T1
I dtaca le hiarmhúinteoirí nó iarbhaill foirne neamh-mhúinteoireachta ar mian leo a chur faoi deara go ndéanfar a bpinsean roimhe seo mar mhúinteoirí nó mar fhoireann neamh-mhúinteoireachta a aistriú go dtí a bhfostóir reatha (agus ní foláir an fostóir sin a bheith liostaithe ar an LAEP/PSTN), is cóir dóibh teagmháil a dhéanamh lena bhfostóir reatha agus iarraidh orthu aistriú pinsin a lorg ón Roinn seo.
I dtaca le múinteoirí reatha nó baill foirne neamh-mhúinteoireachta reatha ar mian leo a chur faoi deara go ndéanfar seirbhís san earnáil phoiblí ó fhostaíocht roimhe seo, atá liostaithe ar an LAEP/PSTN, a áireamh lena bpinsean reatha mar mhúinteoirí nó mar fhoireann neamh-mhúinteoireachta, is cóir dóibh an Fhoirm um Dheimhniú Seirbhíse san Earnáil Phoiblí a líonadh agus í a chur go dtí d'fhostóir roimhe seo a chuirfidh an fhoirm ar aghaidh chun na Roinne ansin.
I bhfianaise na n-eagraíochtaí éagsúla atá páirteach in aistriú na dteidlíochtaí pinsin, is cóir do mhúinteoirí nó d'fhoireann neamh-mhúinteoireachta, atá ag féachaint lena gcuid seirbhíse roimhe seo a aistriú isteach, é sin a dhéanamh 6 mhí ar a laghad roimh a ndáta scoir. Próiseáltar na hiarratais ar bhonn dáta scoir agus dáta breithe an iarratasóra.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach ceadmhach do dhaoine sa Scéim Pinsean Aonair iad seo a aistriú:
Is ionann daoine sa scéim pinsean aonair agus daoine a thosaigh a bhfostaíocht san earnáil phoiblí ón 1 Eanair 2013 nó a bhí ag obair san earnáil phoiblí roimh an 1 Eanair 2013 ach a raibh briseadh i seirbhís acu a mhair 26 seachtaine nó ní ba mhó ná sin.