Samhaltoir Pinsean Chomhaltaí Foirne na Scoile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is cúis áthais don Roinn Oideachais a fhógairt go bhfuil Samhaltóir Pinsean ar fáil anois do bhaill foirne na scoile a fhaigheann a dtuarastal díreach ón Roinn seo agus atá mar bhall de scéim pinsin (faoi réir teorainneacha áirithe atá leagtha amach ar fheidhmchlár an tSamhaltóra).
Mar bhall d’fhoireann na scoile beidh tú in ann meastachán de na sochair scoir a d’fhéadfá a fháil bunaithe ar an tuarastal agus sonraí seirbhíse a chuireann tú isteach. Is féidir leis an Samhaltóir meastachán a dhéanamh ar:
Féadfaidh an Samhaltóir a oibriú amach freisin mura bhfuil dóthain seirbhíse agat chun dul ar scor ar an dáta beartaithe. Tá leagan Gaeilge den tSamhaltóir ar fáil.
Mar gheall ar cé chomh casta agus atá na ríomhanna pinsin, níl an Samhaltóir in ann na cineálacha pinsean uile a ríomh atá iníoctha ag an Roinn seo. Ach, tá súil againn gur uirlis áisiúil í chun cuidiú leat agus athbhreithniú á dhéanamh agat ar do theidlíochtaí pinsin. Don fhoireann is mó a bhfuil tréimhsí fada seirbhíse gan bhriseadh acu a oireann sí, agus níl sí in ann sochair scoir drochshláinte, meas-seirbhís ná creidmheas páirtaimseartha a ríomh.
Do bhaill foirne scoile a fhaigheann tuarastal díreach ón Roinn Oideachais agus atá mar bhaill de scéim pinsean seachas an Scéim Pinsean Aonair, tá d'áireamhán pinsin (samhaltóir) ar fáil ar: