Scéim an Chéad Bhaile
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé d’aidhm ag Scéim an Chéad Bhaile tacú le ceannaitheoirí céaduaire agus iarratasóirí ‘Túis Úir’ atá incháilithe tríd an mbearna a laghdú idir a n-éarlais agus a morgáiste, agus praghas margaidh phríobháidigh an árais cónaithe nua (faoi réir praghsanna uasta réigiúnacha).
Faoin scéim seo, baintear úsáid as samhail scaire cothromais chun cuidiú le ceannacháin incháilithe. Ciallaíonn sé sin go dtógfaidh an scéim céatadán den bhun cothromais san áras cónaithe atá cothrom le leibhéal na tacaíochta a sholáthraítear chun gur féidir an ceannachán a dhéanamh. Má sholáthraítear 20% den chaipiteal do cheannachán faoin scéim, mar shampla, beidh leas cothromais 20% aici san áras cónaithe.
Tá an scéim dírithe go príomha ar cheannaitheoirí céaduaire agus ar fhéinthógálaithe atá ag iarraidh teach nuathógtha a cheannach, ach nach féidir leo an méid iomlán atá ag teastáil a fháil óna morgáiste agus a n-éarlais.
Faoi phrionsabal ‘Tús Úr’ an Rialtais, is iad seo a leanas daoine atá incháilithe freisin chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht a fháil faoin Scéim seo: daoine atá scartha óna bpáirtí nó colscartha nó a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh, nó iadsan a chuaigh i mbun imeachtaí dócmhainneachta agus nach bhfuil aon leas acu san áras cónaithe a mbíodh cónaí orthu ann.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar láithreán gréasáin ‘An Chéad Bhaile’ ag an nasc thíos.