Scéim Ceannaigh Incriminteach ag Tionóntaí do thithe nuathógtha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an scéim seo ann chun tithe nua tógtha údarás áitiúil a cheannach. Ní bhaineann sé le hárasáin nó le tithe údaráis áitiúil atá ann cheana.
Is rogha ceannaigh í an scéim chun freastal ar riachtanais na ndaoine sin a dteastaíonn tacaíocht tithíochta fhadtéarmach uathu. Tacaíonn an scéim le tionóntaí ar ioncam íseal atá ann cheana féin agus cuidíonn sí le tionóntaí ionchasacha údaráis áitiúil tosú ar an mbealach chuig úinéireacht tí.
Tháinig scéim ar leith chun tithe údaráis áitiúil atá ann cheana a cheannach i bhfeidhm i mí Eanáir 2016, agus tháinig athruithe ar an scéim sin i bhfeidhm an 1 Feabhra 2022.
Baineann Scéim Ceannaigh Incriminteach 2010 le tithe nua-thógtha amháin .
Caithfidh na tithe a bheith aitheanta lena n-díol ag an údarás áitiúil (.i. do chomhairle cathrach nó contae).
Má tá tacaíocht tithíochta sóisialta á fáil agat nó má tá tú incháilithe chun í a fháil, lena n-áirítear iad siúd i RAS nó i maoin ar léas agus má tá íosioncam bliantúil €15,000 agat - féadfaidh tú iarratas a dhéanamh má fhógraíonn d’údarás áitiúil tithe den sórt sin agus nuair a fhógraíonn siad iad.
Íocfaidh tú luach margaidh an tí - lúide lascaine.
Ag brath ar ioncam, beidh na lascainí éagsúil idir 40% agus 60%.
Cuirfidh d’údarás áitiúil muirear ar do theach ar a dtugtar ‘muirear ceannaigh incriminteach’ freisin.
Beidh an muirear seo cothrom leis an lascaine a gheobhaidh tú ar phraghas an tí. Fanfaidh an muirear i bhfeidhm ar feadh 20, 25 nó 30 bliain (ag brath ar an lascaine a thugtar).
Gach bliain, laghdóidh an t-údarás áitiúil an muirear 2%. Scaoiltear an muirear 10% do na chéad chúig bliana tar éis an díola nuair a thagann deireadh le bliain a cúig. Ag deireadh an 20, 25 nó 30 bliain, beidh an muirear nialas chomh fada agus a chloíonn tú le téarmaí agus coinníollacha na scéime.
Caithfidh tú cónaí sa teach mar do ghnátháit chónaithe agus comhaontú a fháil ó d’údarás áitiúil más mian leat an teach a dhíol, a ligean nó a fholigean ar cíos.
Beidh tú in ann do theach a athdhíol ag am ar bith má aontaíonn d’údarás áitiúil.
Má dhíolann tú roimh dheireadh an 20, 25 nó 30 bliain, beidh ort luach an mhuirir gan íoc ar do theach a íoc ar ais le d’údarás áitiúil áfach.
Cosúil le gach úinéir tí, beidh tú freagrach as cothabháil agus deisiúcháin a dhéanamh ar do theach ón dáta a cheannaíonn tú é. Chomh maith leis sin, beidh ort árachas réadmhaoine a cheannach do do theach mar choinníoll den cheannach – agus beidh ort íoc as an árachas sin tú féin.
Chun a bheith incháilithe, ní mór duit gan a bheith i riaráiste maidir le cíos a íoc ar réadmhaoin údaráis áitiúil ar feadh níos mó ná 12 sheachtain le trí bliana anuas, agus gan a bheith gafa le hiompar frithshóisialta.
Is faoin tionónta atá sé ceannach an tí a mhaoiniú.
Tá na rialacha a bhaineann leis an scéim leagtha amach i Rialacháin na dTithe (Ceannach Incriminteach) 2010 (I.R. Uimh. 252 de 2010) .
Fógróidh an t-údarás áitiúil ábhartha cibé an bhfuil agus nuair a bheidh aonaid nua-thógtha ar díol faoin scéim seo. I gcásanna mar seo beidh na foirmeacha iarratais riachtanacha ar fáil ó d’údarás áitiúil.
Beidh ort na foirmeacha a chomhlánú agus iad a sheoladh ar ais laistigh den chreat ama riachtanach chuig d’údarás áitiúil lena mbreithniú.