Scéim Ceannaigh Incriminteach ag Tionóntaí do thithe údaráis áitiúil atá ann cheana
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is scéim í seo chun tithe údaráis áitiúil atá ann a cheannach.
Más tionónta údaráis áitiúil (.i. tionónta de chuid comhairle cathrach nó contae) tú atá i do chónaí i dteach údaráis áitiúil, atá ar díol faoin scéim agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun do theach a cheannach.
Tá roinnt cineálacha agus úsáidí tithe nach bhfuil incháilithe faoin scéim, mar shampla:
Féadann d’údarás áitiúil a rá leat cibé an bhfuil do chineál maoine san áireamh sa scéim.
Más tionónta údaráis áitiúil thú a chónaíonn i dteach údaráis áitiúil atá san áireamh sa scéim is féidir leat iarratas a dhéanamh chun an teach a cheannach. Caithfidh íosioncam bliantúil de €12,500 a bheith ag iarratasóirí agus a bheith ag fáil tacaíochtaí tithíochta sóisialta ar feadh 10 mbliana ar a laghad. I gcás comhiarratas, caithfidh an dara tionónta nó an tionónta ina dhiaidh sin a bheith ag fáil tacaíochtaí tithíochta sóisialta le 10 mbliana ar a laghad, mar a chinneann an t-údarás áitiúil de réir rialacha na scéime.
Íocfaidh tú luach margaidh an tí - lúide lascaine.
Ag brath ar ioncam, beidh na lascainí éagsúil idir 40% agus 60%.
Agus ioncam ináirithe bliantúil íosta tionónta á chinneadh, féadfaidh údaráis áitiúla ioncaim ó fhostaíocht agus ó phinsin phríobháideacha a áireamh. Áirítear íocaíochtaí cosanta sóisialta áirithe mar phinsin ranníocacha agus neamh-ranníocacha Stáit chun críocha ioncaim ináirithe faoin Scéim toisc go meastar gur íocaíochtaí fadtéarmacha iad. Ní thugtar aird ar íocaíochtaí cosanta sóisialta eile toisc go meastar go hiondúil nach bhfuil siad fadtéarmach i gcomparáid leis an téarma a gceannaítear réadmhaoin faoin Scéim.
Chomh maith leis sin, cuirfidh d’údarás áitiúil muirear ar do theach ar a dtugtar ‘muirear ceannaigh incrimintigh’. Beidh an muirear seo comhionann leis an lascaine a gheobhaidh tú ar phraghas an tí.
Fanfaidh an muirear i bhfeidhm ar feadh 20, 25 nó 30 bliain (ag brath ar an lascaine a thugtar).
Gach bliain, laghdóidh an t-údarás áitiúil an muirear faoi 2%. Ag deireadh na 20, 25 nó 30 bliain, beidh an muirear nialasach chomh fada agus a chloíonn tú le téarmaí agus coinníollacha na scéime.
Ní mór duit cónaí sa teach mar do ghnátháit chónaithe agus aontú a fháil ón údarás áitiúil más mian leat an teach a dhíol, a ligean ar cíos nó a fho-ligean.
Beidh tú in ann do theach a athdhíol am ar bith má aontaíonn d’údarás áitiúil. Mar sin féin, má dhíolann tú roimh dheireadh na 20, 25 nó 30 bliain, beidh ort luach an mhuirir atá gan íoc ar do theach a íoc ar ais le d’údarás áitiúil.
Cosúil le gach úinéir tí, beidh tú freagrach as cothabháil agus deisiúcháin a dhéanamh ar do theach ón dáta a cheannaíonn tú é. Chomh maith leis sin, beidh ort árachas réadmhaoine a cheannach do do theach mar choinníoll den cheannach – agus beidh ort íoc as an árachas sin tú féin.
Is féidir leis an údarás áitiúil diúltú an teach a dhíol i gcúinsí ar leith amhail le tionóntaí nó baill teaghlaigh a bhfuil baint acu le hiompar frithshóisialta nó le riaráistí cíosa.
Leagtar amach sna Rialacháin Tithíochta (Díol Tithe Údaráis Áitiúil) 2015 , na coinníollacha maidir le tithe údaráis áitiúil a dhíol. Leasaíodh iad seo le Rialacháin Tithíochta (Díol Tithe Údaráis Áitiúil) (Leasú) 2021 an 12 Eanáir 2022 agus tháinig na hathruithe i bhfeidhm an 1 Feabhra 2022.
Chun iarratas a dhéanamh:
Caithfidh tú iarratas a dhéanamh chuig d’údarás áitiúil ábhartha.
Is ceist don tionónta é ceannach an tí a mhaoiniú. D’fhéadfá cáiliú d’Iasacht Tí Údaráis Áitiúil, áfach, a ndéantar iarratas ar leith air.