Scéim Íocaíochta Leagan As Foirne COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is íocaíocht aonuaire, chnapshuime é Scéim Íocaíochta Leagan As Foirne COVID-19 d’fhostaithe:
agus
Chun cáiliú don scéim seo, ní mór go mbeifeá i dteideal íocaíocht iomarcaíochta faoi na rialacha reatha, rud a chiallaíonn:
Ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh freisin:
agus
Braithfidh an méid a íocfar leat ar an méid ama a raibh tú leagtha as go sealadach mar gheall ar COVID-19 roimh an dáta ar tugadh fógra iomarcaíochta duit.
Tá ríomh na híocaíochta bunaithe ar na rialacha reatha maidir le hiomarcaíocht:
Cuirtear uasmhéid de €600 i bhfeidhm i ndáil le do ghnáth-olltuarastal seachtainiúil.
Níl seachtain bónais san áireamh sa scéim seo.
Tá Saoirse ag obair mar freastalaí beáir sinsearach i dteach tábhairne. Cinneadh í a leagan as don tréimhse cháilitheach iomlán ón 13 Márta 2020 go dtí an 31 Eanáir 2022. Ansin tugadh fógra iomarcaíochta di ón bpost seo roimh an 31 Eanáir 2025.
Tá Máirtín ag obair mar fháilteoir in óstán. Cinneadh é a leagan as ón 13 Márta 2020 - an 31 Lúnasa 2020 (172 lá). D’fhill sé ar an obair i ndiaidh na tréimhse leagan as i mí Mheán Fómhair 2020. Cinneadh é a leagan as arís ón 1 Eanáir 2021 - an 31 Márta 2021 (90 lá). Ansin tugadh fógra iomarcaíochta dó óna phost roimh an 31 Eanáir 2025.
Ba cheart do d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo ar do shon ar dtús.
Is féidir le fostóirí agus le hionadaithe fostóirí iarratas a dhéanamh ar líne ag Comhpháirtithe Leasa. .
Chun an tseirbhís seo a rochtain, beidh Fo-dheimhniú DSP atá á eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim ag teastáil ó fhostóirí. Féach ar fhaisnéis maidir le conas iarratas a dhéanamh ar Fho-dheimhniú DSP. .
Má theipeann ar d’fhostóir iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo ar do shon, you ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta. .
Is pointe teagmhála aonair é Intreo (an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí) do gach tacaíocht agus seirbhís fostaíochta agus ioncaim.
Má tá aon cheist agat, úsáid na sonraí teagmhála thíos (rogha 4). Má tá r-phost á sheoladh agat, soláthair an oiread eolais agus is féidir leat ionas gur féidir linn cabhrú leat.