Scéim Phíolótach Chomhairle Caomhnaithe Maidir Le Tithe Traidisiúnta Folmha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá scéim phíolótach 2023 dúnta anois. Ní mhaoineofar aon iarratas eile i mbliana mar ní mór íocaíochtaí a phróiseáil laistigh de thimthriall buiséid 2023. Táthar ag smaoineamh ar scéim 2024, faoi réir maoinithe. Is féidir leo siúd ar mian leo spéis a léiriú iarratas a chur isteach, ( conservationadvicegrants@housing.gov.ie ) a choinneofar i gcomhad agus a bhreithneofar le haghaidh maoinithe in aon scéim in 2024.
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbun scéime píolóite chun deontais a sholáthrú le haghaidh shainchomhairle caomhantais d’úinéirí thithe feirme folmha atá faoi úinéireacht phríobháideach agus atá ag baint úsáid as agus/nó ag smaoineamh ar an nDeontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh a fháil.
Soláthróidh an Scéim Chomhairle Caomhantais Maidir le Tithe Traidisiúnta Folmha deontas suas go dtí €7,500 (ex-CBL) chun an costas a íoc le haghaidh saineolaí caomhantais a fháil agus a bhfuil saineolas cruthaithe agus cuí acu cuairt a dhéanamh ar an réadmhaoin chun suirbhé a dhéanamh, agus chun comhairle caomhantais saincheaptha a chur le chéile d’úinéir na réadmhaoine. Beidh sa tuairisc achoimre ar bhail an fhoirgnimh agus deisiúcháin agus feabhsúcháin chaomhnaithe a mholadh a dhéanfadh feabhsú ar an bhfoirgneamh agus ar charactar, éifeachtúlacht fuinnimh, sláine, agus timpeallacht an fhoirgnimh.
Is cuid fíorthábhachtach d’ár dtírdhreach tuaithe agus oidhreachta roinnte iad na tithe feirme traidisiúnta nó dúchasacha. Uaireanta, tugtar ‘cottage’ orthu, agus is é atá sna foirgnimh seo go ginearálta ná tithe modhúla a thógadh an ‘gnáthdhuine’ as ábhair áitiúla agus as módhanna traidisiúnta amhail tuí, cloch, scláta, cré, caolach agus adhmad neamhsháfa. Níos déanaí, baineadh úsáid as iarann roctha, in ainneoin bheith iompórtáilte agus de bhunús tionsclaíoch.
I mí Iúil 2022 seoladh an Deontas um Athfheistiú Maoine Folamh chun tacú le háitribh fholmha agus thréigthe a thabhairt ar ais in úsáid.
Ón 1 Bealtaine 2023, tá deontas suas le huasmhéid €50,000 ar fáil d’athchóiriú maoine folmha lena n-áitiú mar phríomháit chónaithe phríobháideach agus do mhaoin a chuirfear ar fáil ar cíos, lena n-áirítear athchóiriú maoine nár úsáideadh mar áit chónaithe go dtí seo.
Sa chás go bhfuiltear ag súil go rachaidh na costais athchóirithe thar an deontas caighdeánach suas le €50,000, tá uasmhéid deontais bhreisithe suas le €20,000 ar fáil sa chás go ndearbhaíonn an t-iarratasóir go bhfuil an mhaoin tréigthe nó sa chás go bhfuil an mhaoin ar Chlár Láithreáin Thréigthe an údaráis áitiúil cheana féin, rud a fhágann go bhfuil an deontas iomlán ar fáil do mhaoin thréigthe suas go huasmhéid €70,000.
Ní mór do mhaoine a bheith folamh ar feadh dhá bhliain nó níos mó agus ní mór iad a thógáil suas go dtí 2007 agus an bhliain sin san áireamh.
Scéim Phíolótach Comhairle Caomhnaithe maidir le Tithe Feirme Traidisiúnta Folmha
Scéim Phíolótach Comhairle Caomhnaithe maidir le Tithe Feirme Traidisiúnta Folmha Foirm iarratais d'úinéirí foirgnimh