Scéim Taispeántas na Músaem Réigiúnach 2024
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá scéim tacaíochta maoinithe do mhúsaeim áitiúla, réigiúnacha agus speisialaithe i bhfeidhm ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun na hinstitiúidí seo a chur chun cinn agus a fheabhsú trí mhaoiniú a sholáthar do chostais taispeántais chaipitil.
Beidh an scéim seo i bhfeidhm ar bhonn maoiniú comhoiriúnaithe (75:25), agus ní mór don iarratasóir 25% de na costais atá beartaithe a chur ar fáil. Tabhair ar aird nach gciallaíonn sé sin go leithdháilfidh an Roinn 75% de na costais incháilithe ar fad ar na hiarratasóirí a n-éiríonn leo.
Is é an cuspóir ná ciste a chruthú chun cuidiú le músaeim áitiúla, réigiúnacha agus speisialaithe cur le creatlach agus brí an chultúir náisiúnta agus áitiúil trí chlár taispeántais do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon. Ceadóidh sé seo léirmhínithe áitiúla agus sonracha a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla agus ar a n-oidhreacht agus ar an iliomad féiniúlachtaí agus traidisiún atá mar chuid d’eispéireas stairiúil na hÉireann.
Ina theannta sin, beidh an scéim ag comhlíonadh spriocanna ardleibhéil na Roinne, go háirithe an sprioc chun feabhas a chur ar rochtain ar na healaíona agus ar bhonneagar réigiúnach ealaíon agus ar thurasóireacht chultúrtha ar fud na tíre, i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus áitiúla agus le comhpháirtithe eile.
Moltar gurb é €15,000 an deontas uasta a bhronnfar ar aon iarratasóir amháin a n-éireoidh leis nó léi ar bhonn maoiniú comhoiriúnaithe 75:25 (de na costais incháilithe).
Níl sé i gceist go mbeadh na liostaí thíos ina liostaí uileghabhálacha ná saintreoracha:
Maoineofar sa scéim:
• Costais taighde agus coimeádaíochta i leith an taispeántais/imeachta;
• Painéil taispeántais;
• Ábhar taispeána eile;
• Comharthaíocht;
• Aistriúchán ar ábhar taispeána agus comharthaíochta ina dtaispeánfar an t-aistriúchán sin;
• Litríocht ghaolmhar a léiriú;
• Trealamh nó feabhsú/modhnuithe ar threalamh i gcás ina mbaineann sé seo go díreach leis an taispeántas/imeacht;
• Forbairt an láithreáin gréasáin nó acmhainní ar líne sa chás go mbaineann sé seo go díreach leis an taispeántas/imeacht;
• Trealamh agus acmhainní oideachais agus for-rochtana;
Ní mhaoineofar sa scéim:
• Tionscadail atá tíosach ar fhuinneamh;
• Trealamh soilse agus fuaime;
• Uasghráduithe teasa agus pluiméireachta;
• Oibreacha meicniúla agus leictreacha;
• Suíocháin, stáitsiú agus stóráil;
• Mionoibreacha tógála amhail athsholáthar fuinneoige, saoráidí uasghrádaithe;
• Péinteáil agus maisiú;
• Córais slándála;
• Trealamh digiteach pearsanta;
• Tionscadail a bhaineann le TF;
• Costais reatha, miondeisiúcháin nó costais leanúnacha eile;
• Conarthaí Cothabhála bliantúla;
• Trealamh oifige, mionghearrthóirí;
• Uasghrádú ar an gcóras cuntas;
• Trealamh cistine;
• Costais PR/Mhargaíochta;
• Costais foirne;
• Costais fáiltithe/seoltaí;
• Táillí ealaíontóirí.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhúsaeim agus/nó ó eagraíochtaí agus ó institiúidí áitiúla, réigiúnacha agus speisialaithe a fheidhmíonn mar institiúidí neamhbhrabúis arb é an príomhról atá acu bailiúcháin réada bunaidh agus réada bunaidh ar iasacht a bhailiú, a chosaint, a choinneáil ar iontaoibh, a fhorbairt, a léirmhíniú agus taighde a dhéanamh orthu.
Ní mór d’áitribh iarratasóirí incháilithe a bheith oscailte don phobal - ba cheart go mbeadh a mbailiúcháin uathúil sa tír agus ba cheart baint a bheith acu le hábhair leasa náisiúnta nó le cultúr idirnáisiúnta agus ní mór go mbeadh rochtain éasca ag an bpobal orthu freisin.
Déanfar iarratais a mbeidh baint acu le comhpháirtíocht nó comhoibriú a mheas i dtaobh maoiniú a fháil faoin Scéim.
Ní féidir le hiarratasóirí ach iarratas amháin a chur faoi bhráid na scéime. Ní thugtar cead d’iarratasóirí maoiniú a lorg ó dhá scéim eile atá á riar ag an Aonad um Scéimeanna agus Tionscnaimh Chultúir don tionscadal céanna:
• Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann; agus
• Scéim Maoinithe i gcomhair Féilte Áitiúla ar Scála Beag agus Scoileanna Samhraidh
Ní mór do gach iarratasóir clárú leis an gCód Iompair Sábháilte le Cruthú. Tá na sonraí iomlána ar fáil anseo: https://www.safetocreate.ie/ga/abhaile/.
Ní mór d’iarratasóirí:
• An cuspóir, an sprioc agus an toradh deiridh atáthar ag obair ina threo maidir leis an tionscadal beartaithe a leagan amach go soiléir;
• A mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na scéime a léiriú;
• Costais uile an tionscadail a shonrú go soiléir i bhformáid tábla;
• A dheimhniú gur féidir an tionscadal a bhaint amach maidir leis an scála, leis an acmhainn chun é a sheachadadh, leis na costais, leis an gcúnamh atá á lorg, agus leis an amlíne chun é a sheachadadh;
• Sonraí a thabhairt go soiléir i dtaobh leibhéal acmhainní na heagraíochta féin a chuirfear ar fáil don tionscadal
• Sonraí a thabhairt faoi aon mhaoiniú Rialtais eile;
• Deimhniú a thabhairt go bhfuil gach uiríoll a dhéanfar san iarratas ar mhaoiniú cruinn agus fíor;
• na ceadúnais rialacháin riachtanacha a bheith i bhfeidhm;
• Clárú leis an gCód Iompair Sábháilte le Cruthú. Tá na sonraí iomlána ar fáil anseo: https://www.safetocreate.ie/ga/abhaile/.
• A bheith comhlíontach ó thaobh cánach de agus
• gan hipearnaisc chuig ábhar breise a úsáid mar nach n-áireofar sa mheasúnú an méid sin
Déantar measúnú ar iarratais ar bhonn iomaíoch agus ní bheidh aon dul thar chinneadh an choiste measúnachta.
Beidh scéim 2024 i bhfeidhm ar bhonn maoiniú comhoiriúnaithe (75:25 de chostais incháilithe).
Tabhair do d’aire nach gcuirfear d’acmhainní féin nó acmhainní seachtracha eile atá á soláthar don tionscadal e.g. soláthar foirne, áitreabh etc. san áireamh i dtéarmaí ríomhanna maidir le maoiniú comhoiriúnaithe.
Ní mór deimhniú a bheith san áireamh i ngach iarratas go bhfuil maoiniú comhoiriúnaithe ar fáil agus foinse an mhaoinithe seo (e.g. tiomsú airgid, údarás áitiúil, etc.). Ní bhreithneofar/ní dhéanfar measúnú ar iarratais nach n-áirítear an deimhniú seo orthu lena mbreithniú le haghaidh maoinithe ag an Roinn.
Mar bharr ar mhionsonraí an tionscadail mar atá tugtha thuas, caithfidh iarratasóirí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
• Airteagail agus Meabhrán Comhlachais, Bunreacht nó Ráiteas ar rialacha agus nósanna imeachta caighdeánacha na heagraíochta/an fhorais;
• Cruthúnas go bhfuil láithreán nó áitreabh an mhúsaeim ar úinéireacht iomlán nó go bhfuil sé in bhur seilbh faoi léas fadtéarmach (i.e., cóip den léas/gníomhas nó cáipéis dlí mar sin);
• Cóip den Tuarascáil Bhliantúil agus de na Cuntais iniúchta is deireanaí;
• Bróisiúr ar a dtugtar na huaireanta oscailte agus na táillí isteach nó ráiteas den mhéid sin; agus
• Faisnéis chun dáta um Dheimhniú Imréitigh Cánach. Ní féidir iarratais a mheasúnú gan uimhir thagartha cánach.
• Líon cuairteoirí atá cothrom le dáta, má bhíonn fáil air, don bhliain roimhe agus don bhliain reatha go dtí seo.
Chomh maith le sonraí agus sonraíochtaí an tionscadail mar a leagtar amach thuas, ní mór d’iarratasóirí an méid seo a leanas a chur ar fáil freisin:
• Airteagail agus Meabhrán Comhlachais nó Ráiteas maidir le rialacha agus nósanna imeachta caighdeánacha na heagraíochta/institiúide
• Cruthúnas go bhfuil láithreán nó áitreabh an mhúsaeim faoi úinéireacht glan amach nó go bhfuil sé á shealbhú faoi léas fadtéarmach (i.e. cóip den léas/ghníomhas nó doiciméad dlí den chineál céanna);
• Cóip den Tuarascáil Bhliantúil is déanaí agus de na Cuntais Iniúchta is déanaí
• Bróisiúr ina dtaispeántar uaireanta oscailte agus táillí iontrála nó ráiteas den chineál céanna; agus
• Eolas faoin Deimhniú Imréitigh Cánach atá cothrom le dáta. Tabhair ar aird nach féidir iarratais a mheasúnú gan uimhir thagartha cánach
• Figiúirí cothrom le dáta maidir le cuairteoirí, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, don bhliain roimhe sin agus don bhliain reatha go dtí seo.
Déanfar gach iarratas a gheofar a bhreithniú agus a mheasúnú. D’fhéadfadh na critéir seo a leanas ina leith sin a úsáid chomh maith le critéir eile:
• A mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na scéime;
• Cé acu atá nó nach bhfuil an tionscadal réalaíoch maidir le scála, costais, an cúnamh atá á lorg agus an creat ama chun é a sheachadadh;
• Luach ar airgead;
• Acmhainn an iarratasóra chun an tionscadal a sheachadadh agus cé acu atá nó nach bhfuil cuntas teiste cruthaithe ann i ndáil le seachadadh ardchaighdeáin, in am agus laistigh de bhuiséad;
• Féadfar stádas an iarratasóra e.g. tosca amhail músaem a ainmniú mar mhúsaem contae agus/nó a rannpháirtíocht i gClár Caighdeán na Músaem arna oibriú ag Comhairle Oidhreachta na hÉireann a chur san áireamh.
Gheobhaidh na hiarratasóirí ar fad a n-éiríonn leo faoin Scéim litir thairisceana agus Comhaontú Seirbhíse ina leagfar amach go soiléir na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an maoiniú. Áireofar leo sin, ach gan bheith teoranta dóibh, na téarmaí agus coinníollacha ginearálta seo a leanas (nuair is infheidhme):-
• Beidh ar iarratasóirí a n-éiríonn leo tuairisc a chur ar fáil ar an tionscadal, le gur féidir cur i bhfeidhm agus tabhairt chun críche an tionscadail a dheimhniú;
• Ní mór teacht a bheith ag oifigigh de chuid na Roinne ar an tionscadal de réir mar is cuí le go mbeifear in ann cigireacht a dhéanamh air;
• Ní mór aitheantas a thabhairt d’ionchur na Roinne ar an tionscadal ar gach ábhar poiblíochta agus i ngach foilseachán;
• Má bhíonn aon eolas faoin tionscadal ag teastáil ón Roinn ó am go chéile, caithfear an t-eolas sin a chur ar fáil go pras;
• Ní mór sonraisc i ndáil le gach caiteachas a chur ar fáil mar aon le cruthúnas gur íocadh iad;
• Ní mór na taifid ar fad ar chaiteachas agus ar na sonraisc agus na páipéir ghaolmhara a ghabhann leo a choinneáil lena n-iniúchadh de réir mar a d’éileodh oifigigh nó iniúchóirí ábhartha;
• I gcás caiteachas ar bith os cionn €5,000, ba chóir cloí leis na nósanna imeachta riachtanacha maidir le soláthar agus fianaise ina leith a chur ar fáil;
• Mura gcloítear le téarmaí agus coinníollacha na scéime seo, d’fhéadfaí maoiniú a aistarraingt ón iarratasóir agus/nó d’fhéadfaí an t-iarratasóir a chur as an áireamh chun iarratas a dhéanamh ar scéimeanna eile ar feadh achair chinntithe.
Coimeádann an Roinn an ceart chun aon leithdháileadh a tharraingt siar i gcás nach ndéanfar dul chun cinn oiriúnach chun an tionscadal a chur chun cinn agus/nó i gcás nach gcomhlíonfar téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe.
Féadfar suim an mhaoinithe sna leithroinntí faoin scéim a bheith níos ísle ná an tsuim arna lorg ag an iarratasóir. Ní mór gach litir tairisceana maoinithe a ghlacadh go foirmiúil i scríbhinn nó trí ríomhphost.
Tabhair ar aird go bhfoilseofar fógra oifigiúil ar láithreán gréasáin na Roinne ar a dtabharfar sonraí na leithdháiltí a cheadófar.
Déanfar monatóireacht ar gach tionscadal a n-éireoidh leis ar bhonn leanúnach i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha i litir na tairisceana agus sa Chomhaontú Seirbhíse. Caithfear dóthain eolais a chur ar fáil leis an Roinn a shásamh go mbeidh an tionscadal ag dul ar aghaidh, go gcuirfear i gcrích in am é agus go gcloífear leis na costais a shocrófar.
Sula ndéanfar an íocaíocht deiridh, ní mór an Roinn a shásamh go bhfuil tuairisc ar an tionscadal faighte agus go bhfuil dóthain eolais ann lena dheimhniú go bhfuil an tionscadal curtha i gcrích mar a socraíodh.
Is féidir sonraí an airgid a bhronntar a fhoilsiú ina dhiaidh sin ar láithreán gréasáin na Roinne.
Is féidir gach ceist a chur ar an ríomhphost chuig L&RMS@tcagsm.gov.ie
Má tá uimhir iarratais agat, ná déan dearmad tagairt a dhéanamh di i ngach comhfhreagras a dhéanann tú.
Tabhair faoi deara freisin go bhféadfaí an doiciméad seo a nuashonrú ó am go ham.
1pm ar an 26 Aibreán 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais do mhaoiniú faoin Scéim.
Is é an spriocdháta atá molta i leith iarratais íostarraingthe a chur isteach ná 27ú Meán Fómhair 2024. Má tá gá le síneadh go 2025, ní mór iarratas foirmeálta a chur faoi bhráid na Roinne roimh an spriocdháta 27ú Meán Fómhair 2024.
Ní mór aon chistí a leithdháilfear faoin Scéim a tharraingt anuas i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa litir thairisceana agus sa Chomhaontú Leibhéil Seirbhíse.
Mura gcuirtear an t-iarratas ar tharraingt anuas isteach faoin spriocdháta mar a shonraítear sa Litir thairisceana agus sa Chomhaontú Leibhéil Seirbhíse, déanfar é a chúlghairm.
Cé atá in ann achomharc a dhéanamh:
Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh má bhreithníonn an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar a iarratas. Ní mór ríomhphost an chinnidh a bheith faighte ag an iarratasóir ó Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúir le hachomharc a dhéanamh.
An tslí chun achomharc a dhéanamh:
Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta a luaitear sa ríomhphost ina dtugtar an cinneadh. Is gá na cúiseanna a bhaineann leis an achomharc a leagan amach go soiléir i ríomhphost agus é sin a chur chuig Oifigeach Achomhairc Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúir ag L&RMS@tcagsm.gov.ie agus “Achomharc” a lua mar aon le huimhir an iarratais i líne an ábhair sa ríomhphost.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, féadfar sonraí a luaitear in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a scaoileadh le tríú páirtithe, ar iarratas. Má tá faisnéis i d'iarratas atá íogair, sainaithin í agus tabhair míniú ar an gcúis nár chóir í a nochtadh. Sa chás ina bhfaightear iarratas chun faisnéis íogair faoin reachtaíocht a scaoileadh, rachfar i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh maidir leis an bhfaisnéis sin a scaoileadh nó gan í a scaoileadh. Mar sin féin, mura gcuirtear in iúl go bhfuil faisnéis íogair ann, d’fhéadfaí í a nochtadh gan dul i gcomhairle leat.
Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus do mheas a léiriú air agus cuireann sí bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun do chuid faisnéise a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe. Ní dhéanfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha ar bith seachas an cuspóir ar bailíodh iad ina leith. Is féidir sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla eile, le gníomhaireachtaí eile faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe ina bhforáiltear dó sin faoin dlí. Ní choinneoidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch ar chucu a bailíodh agus a próiseáladh iad ina dhiaidh sin. Nuair atá an riachtanas gnó atá ann an t-eolas seo a choinneáil imithe in éag, déanfar na sonraí pearsanta a scrúdú d'fhonn iad a scriosadh chomh luath agus is féidir agus de réir pholasaí na Roinne. Is féidir tuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí a fháil ar ár láithreán gréasáin ag https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/.
Ní mór d’iarratasóirí treoirlínte na scéime a léamh sula gcuireann siad tús le hiarratas. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo - https://artsandculture.submit.com/show/53. Beidh ar an iarratasóir clárú sula gcuireann siad tús le hiarratas.
Ba chóir don iarratasóir a chinntiú go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe ina hiomláine agus curtha isteach. Is féidir dréacht-leagan den iarratas a shábháil sula gcuirtear isteach é – ach tabhair faoi deara le do thoil nach mbreithneofar dréachtaí. Nuair a bheidh iarratas curtha isteach go rathúil, eiseofar ríomhphost deimhniúcháin. Mura bhfuil dearbhú aighneachta faighte agat déan teagmháil leis an Roinn chomh luath agus is féidir tar éis na haighneachta chun a dheimhniú go bhfuarthas d’iarratas.