Scéim Soghluaiseachta Bailiúchán 2024
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I rith 2024 cuirfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Scéim Soghluaiseachta Bailiúchán i bhfeidhm chun tacú le rochtain mhéadaithe réigiúnach agus áitiúil ar ábhar sna Bailiúcháin Náisiúnta. Dearadh an scéim chun maoiniú a thabhairt i gcomhair taistil, chostas an árachais, agus costas taispeántais do phíosaí ó na Bailiúcháin Náisiúnta d’institiúidí oiriúnacha timpeall na tíre.
Ní féidir leis na Forais Chultúrtha Náisiúnta a mbailiúchán iomlán a thaispeáint ag an aon am amháin. Is é cuspóir na scéime seo ná:
• Cabhair a thabhairt i gcomhair nithe ó na Bailiúcháin Náisiúnta a chur ar taispeáint don phobal ar bhonn méadaithe agus níos leithne;
• Taispeáint phíosaí ó na Bailiúcháin Náisúnta a bhfuil spéis áitiúil agus réigiúnach iontu a éascú go díreach sna pobail sin; agus
• Taispeáint déantán cultúrtha agus taispeántais ghaolmhara a éascú i gceantair tuaithe lasmuigh de lárionaid uirbeacha.
Is iad seo a leanas na cineálacha tionscadal a phléifear faoin scéim:
• Na costais a mhaoiniú a bhaineann le hiompar píosaí ó na Bailiúcháin Náisiúnta go dtí/ó Institiúid réigiúnach/áitiúil; nó/agus
• Na costais a mhaoiniú a bhaineann le píosaí ó na Bailiúcháin Náisiúnta a chur faoi árachas agus iad i mbun iompair go dtí/ó institiúid réigiúnach/áitiúil; nó/agus
• Na costais a mhaoiniú maidir le taispeáint na bpíosaí ó na Bailiúcháin Náisiúnta in institiúidí réigiúnacha/áitiúla.
Ní chlúdaítear faoin scéim seo na costais i gcomhair feabhais caipitil ar áiseanna chun go gcomhlíonfaidh siad riachtanais taispeántais an Fhorais Chultúrtha Náisiúnta iasachtaí. Ní phléifear ach iarratas amháin in aghaidh an fhorais d’imeacht nó tionscadal amháin.
Ní mór d’iarrthóirí:
• Cead a bheith acu ón Fhoras Cultúrtha Náisiúnta iasachtaí;
• Cuspóir, aidhm agus toradh deiridh spriocdhírithe a leagan amach maidir leis an phíosa atá beartaithe le bheith ar iasacht;
• Léargas a thabhairt ar gach costas gaolmhar;
• Barántas a thabhairt gur cruinn agus fíor gach uiríoll a rinneadh agus an iarratas á dhéanamh;
• Gach faomhadh rialála riachtanach a bheith i bhfeidhm acu;
• A bheith cáin-chomhlíontach. Tabhair faoi deara nach féidir measúnú a dhéanamh ar iarratas gan uimhir tagartha chánach;
• Gan maoiniú a éileamh ón dá scéim a leanas atá á riaradh ag Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúrtha don tionscadal chéanna, is iad sin, an Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann agus an Scéim Maoinithe um Fhéilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag;
• Cuir d’ainm le Cód Iompair Sábháilte le Cruthú https://www.safetocreate.ie/ga/abhaile/.
• Gan úsáid a bhaint as hipearnaisc go hábhair bhreise mar nach dtabharfar é seo san áireamh sa mheasúnú.
Is é an comhlacht cuí chun measúnú a dhéanamh ar aon iarratas ar bhailiúchán a fháil ar iasacht ná an Foras Cultúrtha Náisiúnta iasachtaí. Déanfaidh oifigigh sa Roinn measúnú ar aon iarratas réasúnta ar mhaoiniú, faoi réir na critéir thuas a chomhlíonadh.
Gheobhaidh gach iarrthóir rathúil faoin scéim litir tairisceana agus Comhaontú Seirbhíse ina leagfar amach na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an mhaoiniú.
Coimeádann an Roinn an ceart aon leithdháileadh a tharraingt siar mura ndéantar dul chun cinn oiriúnach sa tionscadal agus/nó mura gcomhlíontar téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe.
D’fhéadfadh go mbainfidh luach níos lú leis an leithdháileadh maoinithe faoin scéim ná mar a bhí á éileamh ag an iarrthóir. Caithfear glacadh go foirmeálta le gach litir tairisceana.
Mura gcloítear le téarmaí agus coinníollacha na scéime seo, d’fhéadfadh go dtarraingeofar siar an maoiniú agus/nó go gcoiscfear an t-iarrthóir ó iarratas a chur isteach ar scéimeanna eile ar feadh tréimhse socraithe
Déanfar monatóireacht ar bhonn leanúnach ar gach tionscadal rathúil i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa litir tairisceana agus sa Chomhaontú Seirbhíse. Caithfear eolas dóthánach a chur ar fáil lena ndeimhneofar don Roinn go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal agus go gcríochnófar é in am agus laistigh de na costais chomhaontaithe.
Sula ndéantar an íocaíocht dheireanach, caithfear deimhniú don Roinn go bhfuair siad tuairisc ar an tionscadal agus go bhfuil eolas dóthánach ar lámh acu chun gur féidir cinntiú gur críochnaíodh an tionscadal i gcomhréir leis an chomhaontú.
Is féidir gach ceist a chur chuig CSU@tcagsm.gov.ie
Má tá uimhir iarratais agat, ná déan dearmad í seo a chur isteach i ngach comhfhreagras.
Tabhair faoi deara go bhféadfadh go nuashonrófar an doiciméad seo ó am go ham.
Is é an spriocdháta maidir le hiarratais ar mhaoiniú faoin scéim a fháil ná 1in ar an 2ú Lúnasa 2024.
Caithfear aon mhaoiniú a leithdháilfear faoin scéim a tharraingt anuas i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a leagtar síos sa litir tairisceana agus sa Chomhaontú Seirbhíse. Ní ghlacfar le hiarratais ar íocaíocht i ndiaidh an dáta deiridh agus bainfear maoiniú de thionscadal nach bhfuil tarraingt anuas iomlán déanta acu faoin dáta sin.
Cé ar féidir leo achomharc a dhéanamh:
Is féidir le hiarrthóir achomharc a dhéanamh má cheapann siad nár cloíodh leis an phróiseas athbhreithnithe i leith a n-iarratais. Caithfidh ríomhphost cinnidh a bheith ag an iarrthóir ó Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúrtha chun a bheith in ann achomharc a dhéanamh.
Conas ar féidir leat achomharc a dhéanamh:
Caithfear achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ó dháta an ríomhphoist cinnidh. Is gá cúiseanna d’achomhairc a leagan amach go soiléir i ríomhphost, agus ba cheart é a chur chuig Oifigeach Achomhairc Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúrtha ag CSU@tcagsm.gov.ie le “Achomharc” in éineacht le d’uimhir iarratais i líne ábhair an ríomhphoist.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, d’fhéadfadh go scaoilfear sonraí atá sna hiarratais agus na doiciméid tacaíochta, má iarrtar iad, le tríú páirtithe. Má tá faisnéis i d’iarratas atá íogair, cuir in iúl í agus mínigh cén fáth nár cheart é a nochtadh. Má fhaightear iarratas ar fhaisnéis íogair a scaoileadh faoin reachtaíocht, rachfar i gcomhairle leat sula ndéantar cinneadh faoi scaoileadh na faisnéise. Mar sin féin, mura gcuirtear in iúl gur faisnéis íogair í aon píosa faisnéise ar leith, d’fhéadfadh go nochtfar é gan dul i gcomhairle leatsa.
Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú agus tá bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla á gcur i bhfeidhm acu chun d’fhaisnéis a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe. Ní dhéanfaidh an Roinn do shonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh cuspóir ar bith ach amháin an chuspóir dá mbailíodh iad. D’fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith roinnte le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe dá bhforáiltear leis an dlí.
Ní choimeádfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach amháin don tréimhse atá riachtanach le haghaidh na cuspóirí dá mbailíodh iad agus dá bpróiseáiltear iad ina dhiaidh sin. Nuair atá an gá gnó a bhaineann le coimeád na faisnéise seo imithe in éag, déanfar imscrúdú air d’fhonn na sonraí pearsanta a scrios chomh luath agus is féidir, agus i gcomhréir le polasaí na Roinne. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi Chosaint Sonraí ar ár suíomh gréasáin ag: https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/.
Tabhair faoi deara go bhfoilseofar fógra oifigiúil leis na leithdháiltí faofa ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Ní mór d’iarrthóirí treoirlínte na scéime a léamh sula gcuireann siad tús leis an iarratas. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo: https://artsandculture.submit.com/show/54. Caithfidh an t-iarrthóir clárúchán a dhéanamh sula gcuireann siad tús leis an iarratas.
Ba cheart don iarrthóir cinnte a dhéanamh go gcomhlíontar a bhfoirm iarratais ina hiomláine agus go gcuirtear isteach í. Is féidir dréacht den iarratas a shábháil sula gcuirtear isteach é. Tabhair faoi deara nach bpléifear dréacht-iarratais nó iarratais a chuirtear isteach i ndiaidh an sprioc-ama.
Nuair a chuirtear iarratas isteach go rathúil, eiseofar ríomhphost deimhniúcháin. Mura bhfaigheann tú ríomhphost deimhniúcháin, téigh i dteagmháil leis an Roinn chomh luath agus is féidir chun cinntiú go bhfuarthas d’iarratas.