Scéimeanna Tithe Cónaithe Folmha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leis an Scéim Cheannaigh agus Athnuála tacaítear le húdaráis áitiúla chun aonaid tithíochta a bhfuil deisiú de dhíth orthu a cheannach agus a athnuáil agus iad a chur ar fáil mar thithíocht shóisialta. Is ceist é do gach aon údarás áitiúil é a chinneadh an bhfuil réadmhaoin oiriúnach don tithíocht shóisialta. Tá sé d'aidhm ag an scéim dul i ngleic le fadhb an dearóilithe agus feabhas a chur ar chuma an cheantair.
Mar thionscnamh comhlántach don Scéim Deisiúcháin agus Léasúcháin, cuireann sé an rogha ar fáil réadmhaoin oiriúnach a cheannach seachas í a ligean ar léas, más é sin rogha úinéara réadmhaoine.
Is rogha í an Scéim Deisiúcháin agus Léasúcháin d'úinéirí na réadmhaoine foilmhe nach bhfuil in acmhainn nó nach bhfuil rochtain acu ar an maoiniú a theastaíonn chun a gcuid réadmhaoine a ardú go caighdeán cíosa.
Soláthraíonn an scéim iasacht suas le €80,000 in aghaidh an aonaid (CBL san áireamh) le haghaidh aon oibreacha riachtanacha chun an réadmhaoin a ardú go dtí an caighdeán riachtanach. Mar mhalairt air sin, aontaíonn úinéir na réadmhaoine an réadmhaoin a ligean ar léas leis an údarás áitiúil nó comhlacht ceadaithe tithíochta (CCT) ar feadh 5 go 25 bliain.
Aisíoctar an iasacht leis an údarás áitiúil mar laghdú ar an íocaíocht léasa thar téarma comhaontaithe.
Ní mór don údarás áitiúil measúnú a dhéanamh ar gach réadmhaoin a chuirtear in úsáid arís faoin scéim mar réadmhaoin atá riachtanach do thithíocht shóisialta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin scéim Deisiúcháin agus Léasúcháin nó trí theagmháil a dhéanamh le hOifigeach Tithe Cónaithe Folmha d'údarás áitiúil.
Leis an Tionscnamh um Léasú Fadtéarmach tugtar cead d’úinéirí maoine folmha, ar maoine iad atá i riocht mhaith, a maoine a ligean ar léas d’údaráis áitiúla. Trí mhaoine a ligean ar léas faoin Scéim seo, ní bhíonn éiginnteacht i gceist le bheith i do thiarna talún i gcaitheamh tréimhsí suas go dtí 25 bliain. Cuirtear ioncam ráthaithe cíosa suas le 80%/85% de chíos an mhargaidh ar fáil gach mí freisin (ag brath ar an gcineál maoine atá ann), gan tréimhsí a bheith ann ina mbeadh an mhaoin folamh.
Tá an Scéim Léasú Fadtéarmach Feabhsaithe ar fáil freisin d’úinéirí 20 réadmhaoin fholamh nó níos mó, le cíosanna socraithe ag suas le 95% de chíos an mhargaidh, mar mhalairt ar sheirbhísí bainistíochta maoine breise. Tá sonraí iomlána na scéimeanna ar fáil ón Oifigeach Tithe Folamh ábhartha nó ón nGníomhaireacht Tithíochta.
Cé gur féidir iarratais a dhéanamh ar an Scéim Fheabhsaithe don Léasú fós, táthar le deireadh a chur léi faoi 2026 i gcomhar le léasú go ginearálta, faoin bplean ‘Tithíocht do Chách’. Beidh gá le tacaíocht a fháil ó spriocanna seachadta Thithíocht do Chách a leithdháileadh ar Údaráis Áitiúla le haghaidh aon iarratais faoin Scéim Fheabhsaithe don Léasú ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.
Tá deontais agus scéimeanna níos sainiúla eile ar fáil d’úinéirí réadmhaoine foilmhe, ag brath ar an gcineál foirgnimh e.g. deontais oidhreachta, deontais tuíodóireachta, deontais fuinnimh ón SEAI etc.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar aon cheann de na scéimeanna thuas téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Tithe Cónaithe Folamh san údarás áitiúil ina bhfuil an mhaoin suite.