Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is íocaíocht é Sochar Pá-Choibhneasa do Chuardaitheoirí Poist do dhaoine a chailleann a bpost ar nó tar éis an 31 Márta 2025 agus a bhfuil i ndóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (ÁSPC) íoctha acu.
Ciallaíonn Sochar Pá-Choibhneasa do Chuardaitheoirí Poist go mbeidh an méid sochair a fhéadfaidh duine a fháil nuair a éiríonn sé/sí dífhostaithe ceangailte go díreach lena thuilleamh roimhe seo. Íocfar é seo suas go huasíocaíocht.
Ní mór duit trí choinníoll ÁSPC a shásamh ionas gur féidir leat cáiliú do Shochar Pá-Choibhneasa do Chuardaitheoirí Poist.
Coinníoll 1:
Ní mór duit 104 ranníocaíocht fostaíocht inárachaithe ÁSPC ar a laghad a bheith íoctha agat ag Aicme A, H nó P.
Coinníoll 2:
Ní mór go raibh ar a laghad 4 ranníocaíocht fostaíochta inárachaithe ÁSPC ag Aicme A nó H íoctha agat sna 10 seachtaine roimh d’iarratas a dhéanamh.
Coinníoll 3:
Ní mór go raibh ar a laghad 26 ranníocaíocht fostaíochta inárachaithe ÁSPC ag Aicme A nó H íoctha agat sna 52 seachtain roimh do chéad lá dífhostaíochta.
Beidh coinníollacha éagsúla i bhfeidhm má bhí íocaíocht sochair eile á fáil agat roimhe seo nuair a chaill tú d’fhostaíocht, mar shampla, sa chás go raibh Sochar Máithreachais nó Sochar Breoiteachta á fháil agat. Beidh tuilleadh sonraí ar na socruithe seo ar fáil go luath.
Beidh sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh ar fáil go luath.
Má tá tú dífhostaithe is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an scéim Sochar Cuardaitheora Poist atá ann cheana féin. Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat cheana féin nuair a thosaíonn an Sochar Pá-Choibhneasa nua do Chuardaitheoirí Poist, fanfaidh tú ar an íocaíocht sin go dtí go rachaidh do theidlíocht in éag nó go dtí go bhfilleann tú ar fhostaíocht.