Sonraí Tairbhithe Chomhbheartas Talmhaíochta an AE
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bunaíodh Comhbheartas Talmhaíochta an AE (CBT) ar dtús chun soláthairtí sábháilte bia a ráthú do shaoránaigh na hEorpa. Anois is beartas leathan é arb é a phríomhchuspóirí táirgeadh bia inbhuanaithe atá dírithe ar an margadh, ag tacú le hioncam feirmeoirí, ag caomhnú an chomhshaoil agus ag forbairt tuaithe.
In Éirinn, is é an tionscal agraibhia an tionscal dúchasach is mó atá againn agus is ionann é agus 7.1% den fhostaíocht, 9.5% d’onnmhairí agus 4.3% den Oll-Bhreisluach. Tacaíonn an CBT le forbairt na hearnála trí mheascán d’íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí, cúnamh airgeadais i dtreo infheistíochtaí i bhforbairt tuaithe agus i gcosaint an chomhshaoil agus bearta tacaíochta margaidh.
De réir Rialachán 1306/2013 an AE, tá oibleagáid ar an Roinn foilsiú bliantúil ex-post a chinntiú do gach tairbhí de mhaoiniú CBT, daoine dlítheanacha agus neamh-dhlíthiúla araon, a bheidh ar fáil go ceann dhá bhliain ó dháta an tosaigh foilseachán.
Foilsítear an fhaisnéis seo go heisiach chun téarmaí reachtaíocht an AE a chomhlíonadh. Níl sé beartaithe le húsáid i margaíocht dhíreach nó chun aon chríche eile. Rinneadh gach iarracht cruinneas na sonraí agus stádas dlíthiúil na n-íocóirí atá ainmnithe san fhoilseachán seo a chinntiú
Má tá aon cheist agat maidir le Foilsiú Sonraí Tairbhithe CBT, téigh i dteagmháil leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag an seoladh tiomnaithe ríomhphoist seo a leanas: capbenenquiry@agriculture.gov.ie
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo: