Tá treoir d’údaráis scoile agus dá bhfoirne dearaidh a bhfuil baint acu le cóiríocht oideachais nua nó breise a sholáthar ar fáil ag an nasc thíos.
Sonraítear an dearadh agus an treoir theicniúil mar aon leis na nósanna imeachta nach mór cloí leo nuair a bhíonn maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Oideachais.
Tá áthas ar an Roinn Oideachais d’aird a dhíriú ar ár gComhdháil Fhoirgnimh Oideachais.
Beidh an ócáid, Foirgnimh Oideachas na hÉireann 2022, mar an chéad ócáid dá shórt in Éirinn. Tugann an ócáid deis ríthábhachtach do pháirtithe leasmhara uile atá páirteach i bpleanáil agus soláthair bhonneagar oideachais. Tá lúcháir orainn réimse leathan cainteoirí a bheith i láthair againn, ár gcomhghleacaithe ó Thuaisceart Éireann, Sasana, Albain agus An Bhreatain Bheag, atá cuntas teiste cruthaithe go léir acu i soláthar oideachais agus ar cheannairí iad ina réimsí áirithe. Táimid ag tnúth go mór plé a dhéanamh leo thar dhá lá na h-ócáide agus caidreamh a chothú sa todhchaí.
Tá gliondar orainn fáilte a chur rompu siúd atá ag cabhrú timpeallachtaí foghlama ardchaighdeánacha a sholáthair do mhic léinn agus foghlaimeoirí, tá muid dóchasach go mbeidh tú féin is do chomhghleacaithe linn.
Dáta: 29-30 Samhain 2022
Suiomh: O’Reilly Hall, University College Dublin
Láithreán gréasáin: Education Buildings Ireland 2022
Tá faisnéis maidir le hoibreacha tógála chun scoileanna a thógáil, síneadh a chur leo agus a athchóiriú ar fáil ar ár ar ár leathanach faoi oibreacha tógála an t-eolas is déanaí ar thionscadail san áireamh.