Vótáil in Éirinn
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le bheith i dteideal vóta a chaitheamh ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad agus gnáthchónaí ort in Éirinn.
Socraíonn saoránacht na himeachtaí toghcháin ag a bhféadfaidh duine vótáil:
Forálann an tAcht um Athchóiriú Toghcháin 2022 do réamhchlárú do dhaoine 16 agus 17 mbliana d’aois ach níl siad i dteideal vótáil go dtí go mbaineann siad 18 mbliana d’aois amach.
Chun a bheith in ann vótáil i dtoghchán nó i reifreann, ní mór ainm duine a chur isteach ar chlár na dtoghthóirí don cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin. Is Údaráis Chlárúcháin iad Údaráis Áitiúla (comhairlí contae, comhairlí cathracha, agus comhairlí cathracha agus contae). Tá siad freagrach as clár na dtoghthóirí a bhainistiú agus a chothabháil. Faoi fhorálacha an Achta um Athchóiriú Toghcháin, 2022, tá athrú tagtha ar an bpróiseas clárúcháin toghthóirí chun é a dhéanamh níos inrochtana. Áirítear leis na príomhathruithe:
Ina theannta sin, tá forálacha nua curtha san áireamh chun:
Spreagtar gach duine anois cuairt a thabhairt ar checktheregister.ie agus a n-iontráil ar an gclár a dheimhniú nó a nuashonrú trína UPSP, dáta breithe agus éirchód a chur leis – cabhróidh sé seo le húdaráis chlárúcháin (is é sin údaráis áitiúla) ina gcuid oibre chun clár toghthóirí cruinn agus iomlán a chinntiú.
Is féidir leat iniúchadh a dhéanamh ar chóip de chlár na dtoghthóirí ach dul i dteagmháil le d’údarás clárúcháin go díreach.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar chlár na dtoghthóirí i raon teangacha éagsúla.
Is féidir leat úsáid a bhaint as checktheregister.ie/ga-IE anois chun an méid seo a leanas a chur i gcrích:
Chomh maith leis an rogha chun do shonraí a chlárú nó a nuashonrú ar líne, is féidir leat clárú le d’údarás clárúcháin ach foirm pháipéir a líonadh (féach an doiciméad thíos) agus í a thabhairt ar ais go díreach chuig d’údarás clárúcháin.
Ní mór do dhaoine a ndéantar saoránaigh Éireannacha díobh, nó a athraíonn a saoránacht ar bhealach eile, fianaise dhoiciméadach den athrú sin a chur isteach. Ar an gcúis sin, bíonn foirm pháipéir de dhíth. Is féidir an fhoirm a íoslódáil ag checktheregister.ie/ga-IE.
Déantar vótáil i dtoghcháin Uachtaránachta, Dála, an tSeanaid, Eorpacha, áitiúla agus mhéara le ballóid rúnda ar phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire i dtoghcheantair ilshuíocháin (is toghcheantar amháin í Éire i dtoghchán Uachtaránachta; is toghcheantar amháin do thoghchán méara é Cathair agus Contae Luimnigh), bíonn aonvóta inaistrithe ag gach vótálaí. Léigh tuilleadh eolais maidir le Córas Toghcháin na hIonadaíochta Cionmhaire agus an Aonvóta Inaistrithe in Éirinn.
Meabhrán treorach do Chinn Chomhairimh , atá ceaptha cabhrú leo a ndualgais a chomhlíonadh i dtoghcháin Dála. Chruthaigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an meabhrán seo.
Lámhleabhar d'Oifigigh Cheannais, atá ceaptha cabhrú leo a ndualgais a chomhlíonadh i dtoghcháin Dála. Chruthaigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an meabhrán seo.