Cuirfidh na Scéimeanna Leabhar Scoile a tugadh isteach críoch leis an gcostas a bhaineann le leabhair scoile a mhaoiniú do leanaí agus do dhaoine óga. Cuireann na scéimeanna seo maoiniú ar fáil do dhaltaí agus do scoláirí atá cláraithe i mbunscoileanna aitheanta agus i scoileanna speisialta araon, agus i gcláir na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna atá sa Scéim Saoroideachais.
I mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta ní bheidh ar thuismitheoirí/ chaomhnóirí aon ranníocaíocht a dhéanamh feasta i dtreo chostas na leabhar scoile, na leabhar saothair agus na gcóipleabhar mar atá sonraithe i dtreoir na scéime.
Sa tSraith Shóisearach ní bheidh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí aon ranníocaíocht a dhéanamh feasta i dtreo chostas na leabhar scoile, agus na n-acmhainní lárnacha ranga mar atá sonraithe i dtreoir na scéime.
Beidh scoileanna i dteagmháil le tuismitheoirí maidir le scóip na scéime ina scoil.