Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha – Comhairliúchán Poiblí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Sheol an tAire Iompair, Eamon Ryan TD, comhairliúchán poiblí inniu ar na dréacht-Treoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha, atá ar fáil thíos le híoslódáil.
Tá achoimre sa doiciméad sin ar na príomhnithe atá le cur san áireamh agus stáisiúin luchtaithe feithiclí leictreacha á suiteáil agus á n-oibriú.
Ina measc siúd tá:
Níl aon treoirlínte sonracha in Éirinn faoi láthair a thugann moltaí bunaithe ar an dearadh uilíoch chun bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha a dhearadh, a shuiteáil agus a oibriú. Tá sé mar aidhm ag na Treoirlínte seo soláthar a dhéanamh do bhonneagar luchtaithe atá dea-dheartha agus éasca le húsáid ar fud na tíre.
Níl na Treoirlínte seo ceangailteach ó thaobh dlí de. Tá siad ann le cúnamh teicniúil a thabhairt ionas gur féidir le heintitis bonneagar a dhearadh, a shuiteáil agus a oibriú a bheidh inrochtana ag cách. Ba chóir na Treoirlínte seo a chur i bhfeidhm nuair is féidir agus a chur in oiriúint don chás nuair is gá.
Tá na doiciméid seo a leanas ar fáil thíos:
Executive Summary Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure (English version)
Executive Summary Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure (Irish version)
The Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure without Appendices (English version)
The Appendices for the Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure (English version)
The Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure without Appendices (Irish version)
The Appendices for the Universal Design Guidelines for Electric Vehicle Charging Infrastructure (Irish version)
Tá na Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha gan Aguisíní ar fáil anseo (leagan Gaeilge anseo).
Tá na hAguisíní a ghabhann leis na Treoirlínte um Dhearadh Uilíoch do Bhonneagar Luchtaithe Feithiclí Leictreacha ar fáil anseo (leagan Gaeilge anseo).
Cuirtear in iúl do fhreagróirí go bhfuil an Roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007-2014 agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Níor cheart faisnéis phearsanta ná rúnda ná faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i do fhreagra, agus glacfar leis gur ceadmhach gach faisnéis atá sa fhreagra a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
Déanfaidh ZEVI athbhreithniú ar na freagraí, le tacaíocht ó Arup , ar an gcomhairliúchán a thabhairt chun críche.
Déanfar na príomhthéamaí a thagann chun cinn ó fhreagraí an phobail a bhreithniú go cúramach sa doiciméad deiridh. Tá coinne leis go bhfoilseofar na Treoirlínte ar shuíomh gréasáin an Rialtais i mí na Nollag 2023.
Tabhair faoi deara, cé go bhfuil freagraí gan ainm, go mbeidh siad, mar aon le haon aighneachtaí a sheolfar chuig an seoladh ríomhphoist thuas, faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise agus na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.
Tá faisnéis faoi sheirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Iompair ar fáil ag: gov.ie - An Roinn Iompair www.gov.ie