Creidimid sa Roinn Cosanta go bhfuil sé mar dhualgas againn freastal ar shaoránaigh na hÉireann chomh maith agus is féidir agus go bhfuil an saoránach i dteideal a bheith ag súil le hardchaighdeáin maidir leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil agus maidir leis an gcaoi a ndéanaimid na seirbhísí sin a sholáthar. Mhúnlaigh na luachanna seo Ráitis Straitéise roinne agus pleananna gnó bliantúla i ndiaidh a chéile. I ndeireadh na dála tá cáilíocht ár seirbhíse do chustaiméirí ag brath ar cé chomh maith agus a chuirimid iad seo i bhfeidhm ó lá go lá.
Leagann ár Eagraíocht Chosanta Cairt Chustaiméirí 2021 amach an caighdeán seirbhíse a chuirimid ar fáil dár gcustaiméirí.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Nós Imeachta Gearáin agus Achomhairc na Roinne faoin gCairt Chustaiméirí, cliceáil anseo le do thoil.
Is féidir ár bPlean Gníomhaíochta do Chustaiméirí a fheiceáil Seirbhís do Chustaiméirí Plean Gníomhaíochta 2021 – 2023 .
Chun eolas a fháil faoi Scéim Teanga na roinne de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, cliceáil anseo le do thoil.
Le haghaidh eolais faoi Straitéis 20 Bliain na Roinne don Ghaeilge 2010-2030, cliceáil Item was unpublished or removed