Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é atá sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 (CAP23) ná an darna athleagan bliantúil ar an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019. Is é seo an chéad phlean a forbraíodh de réir an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus an chéad phlean a tugadh isteach i ndiaidh gur tugadh isteach buiséid charbóin don gheilleagar ina iomláine agus teorainneacha astaíochtaí earnála in 2022.
Seoladh an Plean ar an 21 Nollaig 2022.
Cuireann an plean na buiséid charbóin agus na teorainneacha astaíochtaí earnála i bhfeidhm agus leagann sé amach treochlár chun beart cinntitheach a dhéanamh chun ár n-astaíochtaí a laghdú faoi leath faoi 2030 agus chun neodracht carbóin a bhaint amach tráth nach deireanaí ná 2050, mar a gealladh i gClár an Rialtais. Leagann an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide amach conas is féidir le hÉirinn dul chun cinn a dhéanamh ar na beartais ar gá iad chun déileáil leis an ngéarchéim aeráide, agus tugann sé tús áite do bheartais aeráide maidir le forbairt sóisialach agus eacnamaíoch na hÉireann.
Eisítear Tuarascálacha ar Dhul chun Cinn do na Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide uair in aghaidh na ráithe. Maidir le CAP23, díreoidh na tuarascálacha ar bheartais ‘suntasacha,’ Príomhtháscairí Feidhmíochta (KPIanna), dul chun cinn ar spriocanna astaíochtaí, na treochtaí astaíochtaí is deireanaí, cás-staidéir ar bheartais, agus réamhamharc ar bheartais shuntasacha atá le teacht níos déanaí in 2023.
Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023
In Iarscríbhinn na nGníomhartha, arna faomhadh ag an Rialtas agus arna eisíodh ar an 7 Márta 2023, tá na beartais ar leith atá ag teastáil chun na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean a bhaint amach. Leis seo, tá eolas maidir le aschur, na Ranna i gceannas ar gach beartas, amlínte agus páirtithe leasmhara. Leasaíodh an leagan digiteach den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus Iarscríbhinn na nGníomhartha 2023 ar an 8 Márta 2023 chun meancóga cló a cheartú.