Tá sé mar aidhm ag an Straitéis Oideachais Idirchultúrtha (“IES”) a áirithiú:
1. Go mbíonn eispéireas oideachais ag gach dalta a “thugann meas d’éagsúlacht na luachanna, na gcreideamh, na dteangacha agus na dtraidisiún i sochaí na hÉireann agus go ndéantar é seo faoi stiúir spiorad na comhpháirtíochta” (An tAcht Oideachais, 1998).
2. Go dtugtar cúnamh do gach soláthraí oideachais agus iad ag iarraidh a áirithiú go nglacfar go forleathan leis an gcuimsiú agus leis an imeascadh laistigh de thimpeallacht foghlama idirchultúrtha.
Forbraíodh IES mar aitheantas ar na hathruithe déimeagrafacha suntasacha a tharla le déanaí i sochaí na hÉireann, atá léirithe sa chóras oideachais. Tógann an Straitéis ar an obair atá déanta cheana féin sa réimse seo agus déantar iarracht ann a bheith bainteach le gach earnáil oideachais, de réir sprioc ardleibhéil na Roinne Oideachais (“DE”) chun “tacaíocht a thabhairt do cháilíocht, ábharthacht agus cuimsitheacht oideachais agus iad a fheabhsú do gach foghlaimeoir inár scoileanna”.
Straitéise Oideachais Idirchultúrtha, 2010- 2015
Foilsithe 2010
Straitéise Oideachais Idirchultúrtha - Aguisíní
Foilsithe 2010
Straitéise Oideachais Idirchultúrtha, 2010- 2015 - Nuachtlitir
Aibreán 2011
Féach na haistriúcháin atá ceangailte ar an Achoimre Feidhmiúcháin Filipínis , Fraincis , Gearmáinis , Laitvis , Liotuáinis , Polainnis