Tá réimse pinsean stáit ar fáil in Éirinn. Úsáidtear critéir cháilíochta éagsúla le haghaidh gach ceann de na scéimeanna.
Baineann critéir cháilíochta an Phinsin Stáit le:
Leagtar riachtanais cháilitheachta amach ina n-iomlán ar phríomhleathanaigh gach pinsin. Is achoimrí iad na sonraí a thugtar anseo agus tá seans ann go bhfuil eisceachtaí i gceist.
Má chomhlíonann tú na critéir cháilithe le haghaidh níos mó ná íocaíocht Pinsin Stáit amháin, ba cheart duit iarratas a chur isteach ar gach scéim acu. Chomh luath agus a dhéantar measúnú air, bronnfar scéim an Phinsin Stáit leis an rátá íocaíochta is airde ort.
Is íocaíocht atá bunaithe ar ÁSPC é an Pinsean Stáit (Ranníocach) a dhéantar do dhaoine ó 66 bliain d'aois. Ní íocaíocht é atá de réir tástáil acmhainne. Is féidir le duine íocaíocht Pinsin Stáit (ranníocach) a fháil agus leanúint ar aghaidh ag obair nó ioncam eile a bheith acu ar nós pinsin ghairme.
Ar mhaithe le cáiliú, ní mór duit:
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é an Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach) agus tá seans ann go bhfuil sé ar fáil duit mura gcáilíonn tú le haghaidh pinsin ranníocaíoch bunaithe ar do thaifead ranníocaíochta ÁSPC nó mura gcáilíonn tú ach do ráta laghdaithe an Phinsin Stáit (Ranníocach).
Ar mhaithe le cáiliú, ní mór duit:
Tá seans ann go mbeidh an Pinsean (Ranníocach) Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh ar fáil duit má cailleadh do chéile nó páirtí sibhialta agus tá dóthain ranníocaíochta ÁSPC agat nó ag do chéile nó páirtí sibhialta básaithe.
Ar mhaithe le cáiliú, ní mór duit:
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é an Pinsean (Neamh-ranníocach) Baintrí, Baintrí Fir nó Pairtnéara Shibhialta Mharthanaigh agus tá seans ann go bhfuil sé ar fáil duit mura gcáilíonn tú le haghaigh Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Pairtnéara Shibhialta Mharthanaigh.
Ar mhaithe le cáiliú, ní mór duit:
Is íocaíocht do dhaoine 65 bliain d'aois atá tar éis deireadh a chur lena bhfostaíocht nó lena bhféinfhostaíocht agus a chomhlíonann coinníollacha ranníocaíochtaí ÁSPC í an Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d'Aois . Féadfar Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d'Aois a íoc ó dháta do 65ú breithlá go dtí dáta do 66ú breithlá fad is a leanann tú ag sásamh na gcoinníollacha don íocaíocht seo.
Ar mhaithe le cáiliú, ní mór duit:
Mura gcomhlíonann tú na critéir cháilithe d'íocaíocht Pinsin Stáit, nó má cháilíonn tú do ráta laghdaithe an phinsin stáit, d'fhéadfadh go mbeadh sé níos tairbhí do do chéile nó do pháirtnéir sibhialta iarratas a chur isteach ar íocaíocht Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe .
Tá d’íocaíocht leasa shóisialaigh comhdhéanta de mhéid seachtainiúil duit féin, ar a dtugtar an ráta pearsanta.
Féadfaidh tú méid breise a fháil freisin do do chleithiúnaí fásta ar a dtugtar Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (IQA). Is gnách do chéile nó do pháirtnéir sibhialta cleithiúnaí fásta.
Ar mhaithe le cáiliú, níor cheart do do chleithiúnaí fásta a bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh iad féin (tá eisceachtaí ann), agus ní mór dóibh tástáil acmhainne a chomhlíonadh.
Má cháilíonn tú do mhéadú ar d’íocaíocht pinsin stáit do chleithiúnaí fásta íocfar í go díreach leat mar chuid de do phríomhíocaíocht. Má thoilíonn an bheirt agaibh, áfach, is féidir an Méadú um Dhuine Fásta Cáilithe a fháil go díreach le do chleithiúnaí fásta.
Má tá cónaí ort in Éirinn agus ba mhaith leat éileamh a dhéanamh ar phinsean AE ó thír eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tá tuilleadh eolais faoi iarratas a chur isteach ar fáil ar an leathanach Éileamh a dhéanamh ar Phinsean AE .
Más eisimirceach Éireannach atá ag filleadh abhaile thú agus má tá pinsean príobháideach agat i dtír eile, tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cead duit é a aistriú go hÉireann má chomhlíonann tú coinníollacha ar leith.
Tá tuilleadh eolais faoi na coinníollacha seo agus faoi iarratas a chur isteach ar fáil ar an leathanach Aistriú Pinsean Príobháideach go hÉireann d'Eisimircigh Éireannacha atá ag Filleadh Abhaile .
Nuair a bhaineann tú aois an phinsin stáit in Éirinn amach, is í sin 66 bliain d'aois, tá seans ann go bhfuil tú i dteideal ar shochair leasa shóisialaigh ar leith. Tá seans ann go bhfaighidh tú cuid de na sochair seo sula mbaineann tú 66 bliain d'aois amach, ach ní mór duit coinníollacha na scéime cuí a shásamh. Cuirtear íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus méaduithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh san áireamh sna sochair seo.
Tugann an Scéim Saorthaistil cead duit taisteal, saor in aisce, ar gach iompar poiblí ar leis an Stát é. Tá sí ar fáil do gach duine atá 66 bliain d'aois nó os a chionn agus atá ina gcónaí go buan sa Stát go dleathach.
Tá sí ar fáil chomh maith do dhaoine áirithe faoi 66 bliain d'aois a shásaíonn na coinníollacha cáilithe.
Cabhraíonn an Pacáiste Sochair Teaghlaigh le costas na mbillí leictreachais nó gáis agus clúdaíonn sé costas iomlán do cheadúnas teilifíse. Tá sé ar fáil do gach duine atá 70 bliain d'aois nó os a chionn agus atá ina gcónaí go buan sa Stát go dleathach.
Tá sé ar fáil chomh maith do dhaoine áirithe faoi 70 bliain d'aois a shásaíonn na coinníollacha cáilithe.
Is íocaíocht é an Liúntas Breosla chun cabhrú le costas téimh do thí le linn an gheimhridh. Tá sé ar fáil do gach duine atá 70 bliain d'aois nó os a chionn agus atá ina gcónaí go buan sa Stát go dleathach, ach ní mór duit tástáil acmhainne a chomhlíonadh sula féidir leat cáiliú.
Tá sé ar fáil chomh maith do dhaoine áirithe faoi 70 bliain d'aois a shásaíonn na coinníollacha cáilithe.
Is íocaíocht sa bhreis é an Méadú do Mhaireachtáil Aonair má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh agus má chónaíonn tú i d'aonair. Tá sí ar fáil do gach duine atá 66 bliain d'aois nó os a chionn, atá ina gcónaí ina n-aonar agus ag fáil pinsin Stáit.
Tá sí ar fáil chomh maith do dhaoine áirithe faoi 66 bliain d'aois a shásaíonn na coinníollacha cáilithe.
Is íocaíocht sheachtainiúil é an Liúntas Tacaíochta Teileafóin a íoctar go huathoibríoch duit má chónaíonn tú i d'aonar agus má fhaigheann tú pinsean Stáit, an Liúntas do Mhaireachtáil Aonair agus an Liúntas Breosla.
Níl sé ar fáil do dhaoine faoi 66 bliain d'aois toisc nach mór duit a bheith ag fáil pinsin Stáit le cáiliú.
Tá an Méadú as Cónaí ar Oileán Sonraithe ar fáil má tá tú 66 bliain d'aois nó os a chionn, ag fáil pinsin Stáit ó Éirinn nó ó thír eile AE agus tá cónaí ort ar oileán amach ó chósta na hÉireann.
Tá sí ar fáil chomh maith do dhaoine áirithe faoi 66 bliain d'aois a shásaíonn na coinníollacha cáilithe.