Srianta COVID-19 a mhaolú ar 8 Meitheamh (Céim 2)
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Roinn an Taoisigh; An Roinn Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá na bearta seo ar bun anois. Is cuid iad den treochlár chun an tsochaí agus an gnó a athoscailt.
Tá tionchar mór ag COVID-19 fós ar ár dtír. Ag obair le chéile, tá dul chun cinn déanta againn – ach tá an víreas fós in Éirinn.
Ag ár dtír á hathoscailt againn, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid de chloí leis an treoir i dtaca le sláinte phoiblí. Le fanacht sábháilte, ní mór duit srian a chur ar ha háiteanna a rachaidh tú agus ar líon na ndaoine a mbuailfidh tú leo.
Seo cúig rud ba chóir a bheith ar eolas agat do Chéim 2:
Moltar clúdaigh aghaidhe a chaitheamh in áiteanna poiblí, amhail siopaí, agus ar iompar poiblí.
Is féidir leat bualadh le suas le seisear ó lasmuigh de do theaghlach, istigh nó amuigh faoin aer, do thionóil shóisialta.
Is féidir gníomhaíochtaí allamuigh aclaíochta, spóirt, cultúrtha nó sóisialta le suas le 15 duine a bheith ann.
Má tá tú os cionn 70 bliain d’aois nó íogair ó thaobh sláinte de, bí an-chúramach go deo.
Is féidir le suas le 25 duine neasteaghlaigh agus dlúthchairde freastal ar sheirbhísí sochraide.
Is féidir le campaí samhraidh allamuigh feidhmiú.
Is féidir le clóis súgartha agus áiseanna allamuigh a bhfuil seirbhís tráchtála orthu athoscailt.
Is é an Prótacal um Filleadh ar an Obair go Sábháilte an treoir atá i bhfeidhm d’fhostóirí agus d’fhostaithe.
Ní mór leanúint den obair ón mbaile más féidir.
Is féidir le marglanna athoscailt más féidir scaradh sóisialta agus sláinteachas a choimeád.
Is féidir leis na ionaid miondíola go léir athoscailt. B’fhéidir go mbeidh uaireanta oscailte agus modhanna oibriúcháin éagsúla ann. Le do thoil, bí ag comhoibriú le baill foirne na siopaí agus cloígh leis na córais atá curtha ar bun ar son do shábháilteachta.
Is féidir le grúpaí suas le 15 duine, traenálaithe agus cóitseálaithe san áireamh, filleadh ar ghníomhaíocht traenála allamuigh gan teagmháil (ach ní cluichí) agus scaradh sóisialta á choimeád i gcónaí.
Is féidir le leabharlanna poiblí athoscailt.
Is féidir le rásaíocht capall agus con taobh thiar de gheataí dúnta tosú.
Mar thoradh ar scaradh sóisialta, tá an-srian go deo ar líon na n-áiteanna ar an iomlán. Ná bain úsáid as iompar poiblí ach do thurais riachtanacha.
Moltar clúdach aghaidhe a chaitheamh.
Seachain an taisteal sa bhuaicam.
Siúil nó rothaigh más féidir.
Ba chóir gach taisteal thar lear as Éirinn nó chun na hÉireann nach bhfuil riachtanach a sheachaint.
Táthar ag súil leis go ndéanfaidh paisinéirí atá ag teacht ó lasmuigh d’oileán na hÉireann iad féin a fhéin-aonrú ar feadh 14 lá.
Beidh ar phaisinéirí freisin foirm a líonadh isteach a léiríonn cén áit a ndéanfaidh siad féin-aonrú.
Má tá tú os cionn 70 nó leochaileach ó thaobh na sláinte de, bain úsáid as do chiall féin le cinneadh a dhéanamh conas is fearr an treoir seo a leanas i dtaca le sláinte phoiblí a chur i bhfeidhm:
Phase 2 - Roadmap for Reopening Society and Business
Céim 2 - Treoir don Athoscailt
Economic Considerations for Reinstating Economic Activity - Phase 2 Update