Tithíocht do Chách -Tacaíochtaí atá ar Fáil
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le Tithíocht do Chách, plean náisiúnta tithíochta an Rialtais go dtí an bhliain 2030, tá tacaíochtaí tithíochta ar fáil a bhfuil mar aidhm leo tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh. Aithnítear leis an bplean go bhfuil tacaíochtaí suntasacha nua ag teastáil le go mbeidh daoine a dteastaíonn uathu úinéireacht a bheith acu ar a n-áras cónaithe féin in ann é sin a fháil, agus go mbeidh daoine atá ag iarraidh áras cónaithe a bheith acu ar cíos in ann ceann a fháil ag ráta inacmhainne. Cuirtear tacaíochtaí ar fáil leis an bplean chun árais chónaithe a dhéanamh níos teo, níos sláintiúla agus níos compordaí, ina mbeadh billí fuinnimh níos ísle i gceist.
Tá sé mar aidhm le Tithíocht do Chách breis agus 300,000 áras cónaithe nua a chur ar fáil idir seo agus deireadh na bliana 2030. Áirítear sa sprioc seo 36,000 áras cónaithe inacmhainne le ceannach agus 18,000 áras cónaithe ar cíos de réir costais. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm leis an bplean 500,000 áras cónaithe a aisfheistiú faoin mbliain 2030 chuig caighdeán B2 nó caighdeán BER atá Barrmhaith ó thaobh Costais de.
Tá tithíocht inacmhainne á cur ar fáil ar dhá bhealach:
Is dreasacht í an scéim Cabhair le Ceannach (CLC) do cheannaitheoirí céaduaire chun cabhrú lena
n-éarlais chun teach nua a cheannach nó a thógáil iad féin. Ní mór dóibh siúd a bhaineann leas as an scéim an réadmhaoin a cheannach nó a thógáil iad féin chun cónaí ann mar theach cónaithe. Gheobhaidh na daoine sin a chomhlíonann na coinníollacha riachtanacha aisíocaíocht Cánach Ioncaim agus Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) a íoctar in Éirinn. Beidh an aisíocaíocht ó na ceithre bliana cánacha roimh an uair a rinne an duine a iarratas.
Faoi athruithe a rinneadh ar an scéim i 2020, tá an t-uasíocaíocht €30,000 faoin bhfaoiseamh feabhsaithe. Baineann an srian le gach réadmhaoin seachas gach iarratasóir, is cuma cé mhéad duine a théann i mbun conradh.
Tríd an Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údarás Áitiúil, cuirtear árais chónaithe atá curtha ar fáil ag an údarás áitiúil ar fáil ar phraghas laghdaithe do cheannaitheoirí céaduaire agus iarratasóirí ‘Túis Úir’ sa chás nach gclúdódh a morgáiste agus a n-éarlais praghas margaidh an árais cónaithe agus iad ag féachaint le háras cónaithe nuathógtha a cheannach.
Tríd an scéim, glacann an t-údarás áitiúil bun céatadáin cothromais (sciar den úinéireacht) san áras cónaithe atá cothrom leis an difríocht idir luach margaidh oscailte na réadmhaoine agus an praghas laghdaithe a d’íoc an ceannaitheoir. Is féidir leis an úinéir tí bun cothromais an údaráis áitiúil a cheannach ar ais ag am ar bith, ach ní gá.
Tá a scéim féin ag gach údarás áitiúil atá páirteach.
Scéim Ceannaigh Inacmhainne an Údaráis Áitiúil - Bileog Eolais
Tá sé d’aidhm ag Scéim an Chéad Bhaile tacú le ceannaitheoirí céaduaire agus iarratasóirí ‘Túis Úir’ atá incháilithe tríd an mbearna a laghdú idir a n-éarlais agus a morgáiste, agus praghas margaidh phríobháidigh an árais cónaithe nua (faoi réir praghsanna uasta réigiúnacha).
Táthar in ann iarratais a dhéanamh ar Scéim an Chéad Bhaile. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an scéim agus mar a dhéantar iarratas ina leith téigh chuig an nasc seo a leanas.
Is ionann Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil agus morgáiste a bhfuil tacaíocht rialtais aige do cheannaitheoirí céaduaire nó d’iarratasóirí ‘Túis Úir’. Tá sé ar fáil ar fud na tíre ó na húdaráis áitiúla ar fad dóibhsean atá ar ioncam measartha nó ar ioncam íseal nach bhfuil in ann maoiniú leordhóthanach a fháil ó sholáthróirí airgeadais rialaithe chun áras cónaithe a cheannach nó a thógáil. Is féidir le ceannaitheoirí céaduaire atá incháilithe iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil chun réadmhaoin nua nó dara láimhe a cheannach nó chun a n-áras cónaithe féin a thógáil.
Tá feidhm ag prionsabal ‘Túis Úir’ maidir leis an Scéim Iasachta Tithíochta Údaráis Áitiúil. Is éard atá i gceist leis seo ná go bhfuil daoine atá colscartha nó scartha agus nach bhfuil aon spéis acu san áras teaghlaigh, nó daoine a raibh baint acu le himeachtaí dócmhainneachta, incháilithe le hiarratas a dhéanamh faoin Scéim seo. Tá sé ar fáil anois ar bhonn náisiúnta ó na húdaráis áitiúla ar fad.
Is ionann cíos de réir costais agus cineál nua cíosa árais cónaithe atá fadtéarmach agus inbhuanaithe. Dírítear Cíos de réir Costais ar theaghlaigh ar ioncam meánach, a bhfuil an t-ioncam sin os cionn na dteorainneacha do thithíocht shóisialta.
Leis an múnla Cíos de réir Costais, cuirtear árais chónaithe ar fáil a bhfuil cíos socruithe iontu chun an costas a bhaineann le maoiniú, tógáil, bainistiú agus cothabháil an árais a chlúdach, agus an costas sin amháin. Go ginearálta, is ag 25% faoi chíosanna an mhargaidh phríobháidigh sa cheantar a bheidh na cíosanna seo.
Tugann an scéim MTR deis do líonta tí atá i ngéarchásanna riaráistí morgáistí nach féidir leanúint dóibh níos mó, a bhfuil seans beag nó nach bhfuil seans ar bith ann go dtiocfaidh athrú suntasach ar a gcúinsí, an réadmhaoin a thabhairt ar láimh arís d’iasachtóir agus tiontú dá réir ina dtionóntaí tithíochta sóisialta agus fanacht ag am céanna ina n-áras cónaithe agus pobal féin. Mar chuid den scéim, déanfar caighdeáin an árais cónaithe a thabhairt suas go dtí caighdeáin árais phríobháideacha ar cíos.
Faoin scéim, tugann tú úinéireacht d’árais cónaithe ar láimh go deonach do d’iasachtóir morgáiste. Is féidir le Comhlacht Tithíochta Údaraithe nó cuideachta phríobháideach údaraithe d’áras cónaithe a cheannach ansin. Ní bheidh úinéireacht agat ar d’áras cónaithe níos mó ná aon leas airgeadais agat ann, ach beidh tú ábalta fanacht i do chónaí ann i do thionónta de chuid an údaráis áitiúil nó de chuid comhlachta tithíochta údaraithe. Íocfaidh tú cíos inacmhainne, a bheidh bunaithe ar d’ioncam. Mar sin, má ardaíonn d’ioncam, ardóidh an cíos, ach má laghdaíonn d’ioncam, laghdóidh an cíos freisin. Ciallaíonn sé sin go mbeidh do chíos d’acmhainn agat i gcónaí.
Is scéim é an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh chun tacú le hathúsáid inbhuanaithe réadmhaoine folmha. Arna mhaoiniú ag Ciste na mBailte Croí Cónaithe, tá an scéim ag cuidiú le foirgnimh fholmha agus tearcúsáidte a thabhairt ar ais chuig úsáid chónaitheach agus tá sé ag cinntiú go bhfuil an stoc tithíochta reatha á úsáid chomh fada agus is féidir. Tá roghanna nua á gcur ar fáil aige freisin do dhaoine chun cónaí i ngach cathair, baile, sráidbhaile agus ceantar tuaithe in Éirinn, ag tacú lena bhfás agus lena bhforbairt amach anseo.
Tá dhá chineál deontais ann:
Tá costas CBL na n-oibreacha san áireamh sa deontas. Riarann na húdaráis áitiúla an scéim.
D’fhéadfadh go mbeadh Deontas Scéime um Fhuinneamh Níos Fearr Tithe de chuid Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ) ar fáil ina dteannta leis an deontas seo. Clúdaíonn Scéim um Fhuinneamh Níos Fearr Tithe (ÚFIÉ) oibreacha suas le €26,750.
Faoin Scéim Réidh le Tógáil, cuirfidh údaráis áitiúla suíomhanna seirbhísithe ar fáil i mbailte agus i sráidbhailte do cheannaitheoirí féideartha aonair (féin-tógálaithe). Beidh na suíomhanna seo ar fáil ar lascaine ar luach margaidh an tsuímh. Díolfar iad chun maoin a thógáil lena háitiú mar phríomháit chónaithe phríobháideach an cheannaitheora.
Beidh an leibhéal lascaine don duine aonair ag brath ar an gcostas seirbhísithe a thabhaíonn an
t-údarás áitiúil sula ndíolfar an suíomh. Ní bheidh an lascaine níos mó ná EUR 30,000. Beidh an méid lascaine den tsórt sin a léiriú sa phraghas díola an tsuímh leis an gceannaitheoir.
Tuilleadh eolais faoin Scéim Réidh le Tógáil