Fáiltíonn an Taoiseach Micheál Martin roimh mholadh ón gCoimisiún Eorpach go dtabharfaí Stádas mar Iarrthóir don Úcráin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
“Lá stairiúil é seo agus moladh déanta ag an gCoimisiún Eorpach go mbronnfaí stádas mar iarrthóir ar an Úcráin. Má fhormhuiníonn an Chomhairle Eorpach an moladh, mar a mheasaim a dhéanfaidh sí, ní fada go mbeidh an Úcráin ina Ball den AE, mar is ceart di a bheith.
Tá sé de cheart ag gach tír cheannasach a todhchaí féin a chinneadh, agus í saor ó bhrú seachtrach agus éigeantas. Tá todhchaí san Aontas Eorpach roghnaithe ag muintir na hÚcráine agus tá ár dtacaíocht iomlán tuillte acu.
Tá mé i bhfách leis an toradh seo le fada an lá agus beidh mé ag áitiú go láidir ar son a fhormhuinithe ag an gComhairle Eorpach nuair a chruinníonn sí le chéile an tseachtain seo chugainn.
Cuirfear spreagadh mór do mhuintir agus do Rialtas na hÚcráine leis, a sheas go láidir ar son na luachanna Eorpacha comhchoiteanna atá againn in ainneoin chogadh uafásach na Rúise. Tá súil agam go dtabharfaidh sé misneach agus tógáil croí dóibh sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn.
Is ionann é agus teachtaireacht go seasann an Eoraip leo anois, go seasfaimid leo cibé a tharlóidh amach seo agus go mbeimid in éineacht leo agus iad ag obair chun a dtír a atógáil.
Is casta, dúshlánach an bóthar é chun ballraíocht AE a bhaint amach. Ní mór don tír atá ag féachaint le ballraíocht a ghlacadh obair nach beag a dhéanamh. Tá Éire réidh le gach uile céim den aistear sin a shiúil i dteannta na hÚcráine, agus pé tacaíocht agus spreagadh a theastaíonn lena linn sin a chur ar fáil.
Cuirim fáilte freisin roimh an moladh go mbronnfar stádas mar iarrthóir ar an Moldóiv chomh maith, agus go dtabharfar peirspictíocht Eorpach agus stádas mar iarrthóir don tSeoirsia nuair a bheidh roinnt tosaíochtaí comhlíonta.
Tá súil agam go mbeimid in ann dul chun cinn luath a dhéanamh ó thaobh aistear thíortha Iarthar na mBalcán i dtreo an AE freisin.
Mar atá ráite agam cheana, mar is eol dúinn de thoradh ár gcuid taithí féin, is rud bunathraitheach é ballraíocht den AE. De réir mar atáimid féin ag comóradh 50 bliain ó ghlacamar féin ballraíocht san AE, tá súil againn go mbeidh daoine eile in ann tairbhe a bhaint as an tsíocháin, an rathúnas agus na deiseanna céanna.”