Acmhainní agus Seirbhísí atá ar fáil i do Leabharlann Áitiúil
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Córas bainistithe leabharlainne comhroinnte is ea Leabharlanna Éireann, lena dtugtar deis do dhuine ar bith a bhfuil cárta leabharlainne poiblí aige nithe a chur in áirithe agus a fháil ar iasacht ó leabharlann phoiblí ar bith i bPoblacht na hÉireann. Níl aon chostas cláraithe i gceist agus tá na 30 údarás leabharlainne go léir mar chuid den tseirbhís.
I do leabharlann, is féidir rochtain a fháil ar:
Sa chás nach bhfuil acmhainn ar fáil i do leabharlann agus go bhfuil sí ar fáil i leabharlann eile, is féidir í a iarraidh trí bhíthin na seirbhíse iasachta idirleabharlainne. Is féidir cuardach a dhéanamh ar líne i gcatalóga agus ar láithreáin ghréasáin leabharlanna poiblí na hÉireann agus iarratas a dhéanamh ar rud a fháil ar iasacht tríd an tseirbhís iasachta idirleabharlainne.
Faigh rochtain ar an tseirbhís iasachta idirleabharlainne anseo:
Tá níos mó ná 400 cúrsa ar fáil, ina measc cuntasacht, stair, scileanna oifige agus tuilleadh. Is féidir rochtain a fháil ar na seirbhísí seo ar láithreán gréasáin do leabharlainne áitiúla nó ar an tairseach náisiúnta:
Cuirtear réimse leathan acmhainní agus gníomhaíochtaí ar fáil i leabharlanna poiblí chun tacú go láidir le scoileanna chun litearthacht, uimhearthacht, cruthaitheacht agus scileanna cumarsáide leanaí a fhorbairt.
Tá crios foghlama ar an láithreán gréasáin Ask About Ireland a cruthaíodh go sonrach do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile.
Is ceann de na láithreáin ghréasáin oideachais is mó in Éirinn anois é, a chuireann rochtain ar fáil ar bhailiúchán fairsing acmhainní teagaisc agus foghlama do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.
Ar an láithreán gréasáin Ask About Ireland, cuirtear ábhar digitithe ó leabharlanna poiblí ar fáil, lena n-áirítear Luacháil Uí Ghríofa (luachanna talún idir 1848-1864), scannán stairiúil uathúil, acmhainní as cló agus leabhair dhigiteacha.
Is soláthróir nuachta, faisnéise agus faisnéis faoi chuideachtaí ó ar fud an domhain é Lexis Nexis a thugann rochtain freisin ar theidil áitiúla agus náisiúnta na hÉireann agus ar theidil idirnáisiúnta, lena n-áirítear nuachtáin, irisí agus tréimhseacháin.
Tabhair cuairt ar Vision-net.ie, foinse ar líne is féidir a chuardach le haghaidh faisnéise faoi chuideachtaí agus ainmneacha gnó maidir le gach gnólacht in Éirinn.
Tugtar rochtain ar líne do gach úsáideoir leabharlainne poiblí trí bhíthin aon ardán amháin ar acmhainní éagsúla ar líne, amhail:
Chun féachaint ar chatalóg ní mór duit na nithe seo a leanas a thabhairt:
Is féidir cuardach ar líne a dhéanamh i gcatalóga leabharlainne ar leithligh de réir údair, teidil nó eochairfhocail. Is féidir iasachtaí a athnuachan ar líne freisin agus faisnéis faoi iasachtaithe, amhail iasachtaí agus áirithintí ar líne, a sheiceáil.